
Oifigeach Acmhainní Daonna agus Forbartha Foirne
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) ag lorg iarrthóirí do phost mar Oifigeach Acmhainní Daonna agus Forbartha Foirne leis an eagraíocht. Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistiú na feidhme acmhainní daonna chun tacú le spriocanna iomlána Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.
Ní mór d’iarrthóirí taithí ar bhainistiú foirne a bheith acu, chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse acmhainní daonna.
Beifear ag súil go mbeidh na cáilíochtaí cuí ag an té a roghnófar i bhforbairt pearsanra agus i mbainistiú na feidhme acmhainní daonna. Beifear ag súil go mbeidh taithí i mbainistíocht pearsanra agus eolas ar reachtaíocht agus dlíthe a bhaineann le pearsanra agus bainistiú acmhainní daonna aige/aici.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. Beidh an té a cheapfar lonnaithe sa bpríomhoifig ar an gCeathrú Rua.
Socrófar tuarastal agus coinníollacha pá leis an té a cheapfar.
Tá tuilleadh eolais agus dualgais an phoist le fáil ar shuíomh idirlín an chomhlachta: www.cnng.ie.
Seol litir iarratais mar aon le CV cuimsitheach, ar ríomhphost amháin, chuig Stiúrthóir Bainistíochta CNNG roimh an 19/08/2022. Seoladh ríomhphost: eolas@cnng.ie
Ba choir sonraí teagmhála do bheirt mholtóirí a sholáthar i d’iarratas. Tá sé beartaithe na hagallaimh a reáchtáil an tseachtain 22-26 Lúnasa 2022.
Fostóir comhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |