
Oifigeach Margaíochta Turasóireachta
Teach Solais Fhánada
Tá post mar Oifigeach Margaíochta Turasóireachta á thairiscint ag Forbairt Fhánada CTR, d’iarrthóirí a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Beidh an té a cheapfar lonnaithe, go príomha, ag Teach Solais Chionn Fhánada i dtuaisceart Dhún na nGall.
Duine cumasach le cáilíocht tríú leibhéal i gceann de na réimsí seo a leanas : turasóireacht / margaíocht / gnó, agus a léiríonn spéis i gcur chun cinn agus i bhforbairt na hearnála turasóireachta, a roghnófar.
Ní mór d’iarrthóirí ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge a bheith acu chomh maith le hardscileanna cumarsáide agus taithí ag plé leis na meáin sóisialta.
Is féidir sonraí an phoist a fháil ar an suíomh gréasáin www.fanadlighthouse.com
Seol litir iarratais mar aon le Curriculum Vitae, roimh 5.i.n. Dé Luain 15 Lúnasa 2022 chuig: eimear@fanadlighthouse.com
Tá tacaíocht chun an post seo a chruthú á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta mar chuid dá Phlean Turasóireachta chun tograí Turasóireachta Straitéiseacha a fhorbairt ar fud na Gaeltachta. Beidh an té a cheapfar páirteach i ngréasán foghlama de thograí stráitéiseachta turasóireachta sa nGaeltacht.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |