
Príomh Mhúinteoir Luathbhlianta Naíonra Bhaile an Fheirtéaraigh
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Príomh Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Bhaile an Fheirtéaraigh.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag
obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 026 45954
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Ionad Cúram Leanaí a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí chuig:
joanne@cnng.ie
nó
Joanne Ní Chríodáin
Oifigeach Forbartha
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Maigh Réidh
Baile Mhic Íre
Co. Chorcaí
Roimh: 15/08/2022
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Naíonraí, Oideachas |