Príomhoide Tánaisteach
Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin
Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara
Catagóir VII
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin ag lorg iarratais ó dhaoine leis na cáilíochtaí cuí don phost mar Phríomhoide Tánaisteach, i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara.
Is scoil lán-Ghaeilge il-sainchreidmheach chomhoideachasúil nua bríomhar é Gaelcholáiste Mhaigh Nuad a bunaíodh in 2020.
Bhí 97 daltaí cláraithe sa scoil ar an 30 Meán Fómhair 2022. Freastalóidh an Gaelcholáiste nua ar 500 dalta. Tá 123 scoláire cláraithe faoi láthair.
Tá an post éifeachtach láithreach.
Gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fail ó https://kildarewicklow.etb.ie/recruitment/current-vacancies/
Ba chóir foirm iarratais oifigiúil comhlánaithe go hiomlán a chur isteach trí ríomhphost chuig por2023@kwetb.ie tráth nach déanaí ná 12 meán lae Dé hAoine 29 Meán Fómháir 2023.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas, Oideachas, Príomhoideacht |