Rúnaí / Fáilteoir
TG4
Conradh 2 bhliain
Is mian le TG4 Rúnaí / Fáilteoir a earcú a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i mBaile na hAbhann.
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
An Ról
Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, teacht i láthair taitneamhach, ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.
Is 4pm Dé Luain an 9 Deireadh Fómhair 2023 an spriocdháta d’iarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |