Sceidealóir Ilardáin
TG4
Conradh Buan
Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige.
Tá TG4 ag earcú Sceidealóir Ilardáin faoi láthair a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann.
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge den scoth a bheith agat, idir labhairt agus scríobh na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó gur duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Is mian le TG4 Sceidealóir Ilardáin a earcú. Ag freagairt don Bhainisteoir Sceidil, beidh an Sceidealóir Ilardáin i gceannas ar an sceideal laethúil a chur i dtoll a chéile agus é a chur ar aer.
Seol do CV mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an bealach a n-oireann do thaithí agus do cháilíochtaí don ról seo, chuig cv@tg4.ie roimh 4pm Dé Luain an 9 Deireadh Fómhair 2023.
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |