
Scoláireacht i bhForbairt Gnó
Údarás na Gaeltachta
Tá Scoláireacht i bhForbairt Gnó a mhairfidh suas le dhá bhliain á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta d’iarratasóirí Gaeltachta le hoiliúint fhoirmiúil agus taithí phraiticiúil a fháil i réimse oibre na forbartha gnó.
Duine díograiseach le cáilíocht 3ú leibhéal agus cumas maith sa Ghaeilge agus sa Bhéarla le scileanna maithe ríomhaireachta, riaracháin agus eagrúcháin atá á lorg. Beidh taisteal i gceist leis an bpost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in Oifigí an Údaráis i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí agus ag obair ar thograí i nGaeltachtaí an Deiscirt. Íocfar liúntas €23,000 – €25,000 leis an té sin chomh maith le costais a bhainfeadh le cúrsaí oiliúna, costais iarchéime nó cáilíochtaí gairmiúla san áireamh.
Seol iarratas mar aon le CV as Gaeilge, chuig foluntais@udaras.ie nó
An Rannóg Acmhainní Daonna,
Údarás na Gaeltachta,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe.
Teil: 091 503100
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |