Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Taighdeoir Iardhochtúireachta: Cartlanna Gaeilge

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Téarma Seasta
Gaillimh
25/08/2022

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag earcú Taighdeoir Iardhochtúireachta lánaimseartha amháin ar chonradh téarma shocraithe – Cartlanna Gaeilge don tionscadal CARTLANN: Gníomhaíochas, teanga agus na meáin: ag baint úsáid as cartlanna Chonradh na Gaeilge chun tuiscint a fháil ar pholasaithe i leith na Gaeilge ar an dá thaobh den teorainn, faoi stiúir an Dr John Walsh, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr. Tá an post á mhaoiniú ag deontas ó Chlár Maoinithe Taighde Thuaidh-Theas an Údaráis um Ard-Oideachas 2021, a bronnadh ar an Dr Walsh. Beifear ag súil go gcuirfidh an té a cheapfar tús lena ról an 1 Eanáir 2023.

Cur síos ar an Tionscadal

Déanann CARTLANN scrúdú ar an eagraíocht dheonach trasteorann Ghaeilge, Conradh na Gaeilge, a bunaíodh sa bhliain 1893 agus atá fós ag feidhmiú sa lá atá inniu ann. Ag tarraingt ar thaifid chartlainne fhairsinge ar an dá thaobh den teorainn, díríonn an tionscadal ar ról lárnach na meán in obair Chonradh na Gaeilge, mar ardán chun eolas a scaipeadh agus mar ábhar feachtasaíochta. Is é príomhfhoinse an tionscadail bailiúchán cartlainne Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh ina bhfuil breis agus 600 bosca taifead agus atá ar an gcartlann Ghaeilge is mó a tháinig i seilbh na hOllscoile riamh.

Ag díriú ar na tréimhsí 1922-1940 agus 1970-2000, scrúdóidh an tionscadal an úsáid a bhain Conradh na Gaeilge as na mórmheáin, an fhorbairt a rinneadh ar a mheáin chraolacháin agus chlóite féin agus an ról a bhí aige i bhfeachtais chun go mbeadh meáin áitiúla agus náisiúnta Ghaeilge ar fáil. Is é seo an chéad mhórthionscadal taighde a scrúdóidh an caidreamh idir Conradh na Gaeilge agus na meáin ar dhá thaobh na teorann agus tabharfaidh sé léargas ar an tuiscint a bhíonn ag an ngníomhaíochas teanga ar na meáin, an rath a bhí ar fheachtais éagsúla nó an chaoi ar theip orthu agus an caidreamh íogair atá idir an dá dhlínse maidir le ceist achrannach na Gaeilge. Ó thaobh coincheapa de, bainfidh sé leas as raon teoiricí a bhaineann le staidéar ar na meáin, léann cartlannaíochta agus an tsochtheangeolaíocht lena n-áirítear na meáin sna mionteangacha, athneartú teanga agus polasaí teanga.

Ó uair a bhunaithe, tá tuiscint ag Conradh na Gaeilge ar an tábhacht a bhaineann leis na meáin, mar is léir ón mbaint a bhí aige le nuachtáin Ghaeilge ag deireadh an 19ú agus tús an 20ú hAois, na feachtais leanúnacha a bhí ar bun aige ar son stáisiúin raidió agus teilifíse Ghaeilge agus an úsáid a bhaineann sé as na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann. Bhí a chuid feachtas fite fuaite leis na meáin ón tús agus úsáideadh réimse leathan ardán i nGaeilge agus i mBéarla i bhformáidí analógacha agus digiteacha. Bhí Conradh na Gaeilge ar scaradh gabhail idir an traidisiún agus an saol nua-aimseartha ó bunaíodh é: agus é ag cur teanga agus cultúr dúchais na hÉireann chun cinn, chuaigh sé i ngleic le gach dul chun cinn teicneolaíochta sa chraoltóireacht agus sna meáin chun a chuid feachtas a chur chun cinn agus a fhealsúnacht a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne.

Ar an bhfoireann taighde beidh an Príomhthaighdeoir (An Dr Walsh) agus an comh-Phríomhthaighdeoir (An Dr Niall Comer, Ollscoil Uladh) agus beirt taighdeoirí iardhochtúireachta. Beidh an taighdeoir iardhochtúireachta seo a earcófar le bheith ag obair leis an Dr Walsh bunaithe ar an bhfógra seo lonnaithe in Institiúid de Móra do Thaighde sna Daonnachtaí agus sa Léann Sóisialta in Áras Taighde Uí Argadáin, OÉ Gaillimh. Earcóidh Ollscoil Uladh an dara taighdeoir iardhochtúireachta ar a conlán féin. Seo a leanas struchtúr an tionscadail:

  • Pacáiste Oibre 1 (OÉ Gaillimh). Is é sainchuspóir Phacáiste Oibre 1 anailís a dhéanamh ar an tsraith maidir leis na meáin, feachtais agus an Ghaeltacht i mbailiúchán cartlainne Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh sa tréimhse 1970-2000. Faoi Phacáiste Oibre 1, oibreoidh an taighdeoir iardhochtúireachta leis an Dr Walsh ar fhoshraitheanna de bhailiúchán Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh, agus díreofar ar na meáin agus ar fheachtais ina bhfuil aird faoi leith ar ghníomhaíochas áitiúil i nGaeltacht na Gaillimhe nó atá dírithe uirthi. Roghnaíodh an tréimhse seo toisc go n-áirítear ann spriocanna tábhachtacha a bhaineann le gníomhaíochas teanga nuair a bhí na meáin i lár an aonaigh. Ina measc seo tá an bhaint a bhí ag Conradh na Gaeilge le nó an tacaíocht a thug sé do raidió agus teilifís bhradach i nGaeilge, a chuid feachtas le haghaidh stáisiúin raidió agus teilifíse náisiúnta cheadúnaithe agus an úsáid a bhaineann sé as na meáin chun cúiseanna eile a chur chun cinn.
  • Pacáiste Oibre 2 (Ollscoil Uladh). Is é sainchuspóir Phacáiste Oibre 2 scrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochas agus na meáin i gcartlanna i dTuaisceart Éireann le linn na tréimhse 1922-1940. Faoi Phacáiste Oibre 2, oibreoidh an Dr Comer leis an dara comhalta iardhochtúireachta, a earcóidh Ollscoil Uladh iad féin, ar pháipéir a bhaineann le rannóg an tuaiscirt de Chonradh na Gaeilge, Comhaltas Uladh. Díreoidh an obair seo arís ar na meáin agus ar fheachtais le haird faoi leith ar an ngníomhaíochas sna blianta tosaigh ríthábhachtacha i ndiaidh na Críochdheighilte nuair a bhí an Ghaeilge imeallaithe faoi riail na nAontachtach.

Fad ama an Chonartha:  1 Eanáir 2023 – 31 Iúil 2024 (19 mí)

Fostófar an t-iarrthóir rathúil ar Phacáiste Oibre 1 i nGaillimh agus scrúdóidh sé/sí an úsáid a bhain Conradh na Gaeilge as na mórmheáin, an éabhlóid a bhain lena mheáin féin ar nós stáisiúin raidió agus irisí clóite, agus an tacaíocht a thug sé d’fheachtais chun go mbeadh meáin ar leith ar fáil i nGaeilge. Bainfidh sé/sí úsáid as a c(h)uid saineolais i gcartlanna na Gaeilge chun oibriú le foireann an tionscadail agus leis an bPríomhthaighdeoir, an Dr John Walsh chun na taifid chartlainne a bhaineann leis na meáin i mbailiúchán Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh a mheas. Déanfaidh sé/sí léirmhíniú ar réimse foinsí príomhúla agus tánaisteacha lena n-áirítear preaseisiúintí, bileoigíní, póstaeir, cáipéisí polasaí, gearrthóga nuachtáin agus taifeadtaí closamhairc. Trí anailís ar cháipéisí sna taifid sin, nochtfaidh sé/sí téamaí agus patrúin shuntasacha maidir leis an tionchar a bhíonn ag na meáin ar ghníomhaíochas na Gaeilge.

Áirítear na dualgais seo a leanas ar obair an taighdeora iardhochtúireachta seo:

  • Anailís a dhéanamh ar na sraitheanna éagsúla a bhaineann le gníomhaíochas na meán i mbailiúchán Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh.
  • Measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar bhain Conradh na Gaeilge úsáid as cineálacha éagsúla meán sna feachtais ar fad atá san áireamh sa bhailiúchán.
  • Cur le láithreán gréasáin an tionscadail, ábhar a bheith le foilsiú ar na meáin shóisialta.
  • Obair thaighde a ullmhú lena foilsiú, ina (h)aonar nó i gcomhar leis an bhfoireann taighde (foilseacháin phiarmheasúnaithe, cuir i láthair ag comhdhálacha).
  • Tabhairt faoi ghníomhaíochtaí for-rochtana atá dírithe ar thorthaí taighde ón tionscadal a scaipeadh ar phobail acadúla agus ar ghnáthdhaoine.
  • Comhdháil acadúil a eagrú ag deireadh théarma an tionscadail.
  • Tabhairt faoi dhualgais riaracháin ghaolmhara.

Cáilíochtaí                             

Déanfar an ceapachán faoi réir na gcritéar seo a leanas:

Critéir riachtanacha

  • PhD le Gaeilge/Stair/Cartlanna/Polasaí Teanga nó i ndisciplín gaolmhar (arna bhronnadh roimh dháta an agallaimh nó curtha isteach roimhe sin).
  • Taithí shuntasach ar fhoinsí príomhúla nó ar thaighde cáilíochtúil.
  • Ardchumas scríofa agus labhartha sa Ghaeilge (leibhéal C2 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/level-descriptions).
  • Sárscileanna scríbhneoireachta agus cumarsáide.
  • An cumas oibriú go héifeachtach i gcomhpháirt le daoine eile agus go neamhspleách.
  • Ardspreagtha chun oibre, le scileanna eagrúcháin den scoth.

Critéir inmhianaithe

  • Suim i gcartlanna/stair chultúrtha/ an tsochtheangeolaíocht/polasaí teanga/gníomhaíochas teanga/staidéar ar na meáin.
  • Foilseacháin phiarmheasúnaithe a bheith curtha i gcló ag an iarratasóir.
  • Taithí ar oibriú leis na daonnachtaí digiteacha.

Oibreoidh an taighdeoir faoi stiúir díreach an Dr John Walsh.

Chun iarratas a dhéanamh

Ba chóir go mbeadh na hiarratais i nGaeilge agus go mbeadh litir chumhdaigh leo ina leagtar amach oiriúnacht an iarratasóra don ról, CV, sampla d’obair acadúil scríofa i nGaeilge atá ábhartha don phost ina mbeidh 1,000 focal ar a laghad (e.g. sliocht as páipéar neamhfhoilsithe, alt foilsithe, caibidil as tráchtas etc.), agus sonraí teagmhála bheirt mholtóirí. Ba cheart iarratais a sheoladh ar ríomhphost (i bhformáid PDF amháin) chuig mooreinstitute@nuigalway.ie

Cuir an uimhir thagartha ábhartha NUIG RES 202-22 i líne ábhair an iarratais ríomhphoist.

Tuarastal: €39,535 sa bhliain (beidh feidhm ag rialacha polasaí pá na hearnála poiblí a bhaineann le hiontrálaithe nua)

Dáta Tosaigh: 1 Eanáir 2023

Tá tuilleadh eolais faoi thaighde agus oibriú in OÉ Gaillimh ar fáil ag Taighde in OÉ Gaillimh

Chun teacht ar eolas faoi bhogadh go hÉirinn féach www.euraxess.ie

Is féidir tuilleadh fiosrúcháin neamhfhoirmiúla maidir leis an bpost seo a dhéanamh ach dul i dteagmháil leis an Dr John Walsh: john.walsh@nuigalway.ie.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais 5.00pm, an 25 Lúnasa 2022. 

Tá na hagallaimh le bheith ar siúl an tseachtain dar tús an 12 Meán Fómhair 2022.

Tuilleadh eolais anseo.

Job Features

Job CategoryEarnáil Phoiblí, Gach Folúntas

Apply Online

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge