Priontáil
Catagóir: Gaeilge
Amais: 134728

Seo thíos folúntais do phoist ina bhfuil an Ghaeilge ina riachtanas nó buntáiste. Tá réimse leathan deiseanna ar fáil, ó phoist mhúinteoireachta go folúntais san earnáil phríobháideach, tá réimse leathan de phoist le feiceáil thíos. Fógraímid poist in Éirinn agus ar fud fad an domhain. Déantar nuashonrú ar an mbunachar seo go laethúil. Luaitear sprioclá na bhfolúntas ina dteidil. Is féidir CV Gaeilge samplach a fheicéail má leanann tú an nasc seo.

Tá treoracha ag bun an leathanaigh dóibh siúd atá ag iarraidh post a fhógairt linn, chomh maith le comhairle dóibh siúd atá ag lorg poist le Gaeilge. Tá na folúntais leagtha amach de réir spriocdhátaí. Má tá ceist nó míniú ag teastáil, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig PEIG@cnag.ie

Conas post a fhógairt:

 

Conas post le Gaeilge a fháil:

Tá leabhrán cuimhsitheach curtha le chéile ag Foras na Gaeilge agus GradIreland darb ainm Do Ghairm Le Gaeilge. Foghlaim conas CV a chur le chéile as Gaeilge nó léigh faoi na réimsí oibre éagsúla ina bhfuil an Ghaeilge mar bhuntáiste. Tá sé ar fáil anseo.

Cuirimid fáilte roimh an bpobal eolas a chur chugainn faoi phost ar bith gur chóir dúinn a bheith ar an eolas faoi.