Bainisteoir Tionscadail (NORF)
Acadamh Ríoga na hÉireann
Rannóg: Taisclann Dhigiteach na hÉireann
An Cineál Conartha: Téarma seasta
Tréimhse: Go dtí an 30 Meitheamh 2025
Tuairisciú do: Comhordaitheoir Taighde Oscailte Náisiúnta
Léargas Ginearálta
Lorgaítear iarratais ar phost mar Bhainisteoir Tionscadail, an Fhóraim Náisiúnta um Thaighde Oscailte (NORF) ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI), atá lonnaithe in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta ilbhliantúil um Thaighde Oscailte eisithe ag NORF, agus tá ciste curtha ar fáil ón Údarás um Ard-Oideachas agus ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta chun gníomhartha sa phlean a chur chun cinn trí shraith glaonna le haghaidh tograí. Is é DRI an eagraíocht chomhordaithe do NORF agus tá an ciste seo á bhainistiú aige. Féach: https://norf.ie/
Is bonneagar náisiúnta é an DRI, taisclann dhigiteach iontaofa dheimhnithe do na healaíona, do na daonnachtaí agus do na heolaíochtaí sóisialta, chun sonraí digiteacha sóisialta agus cultúrtha na hÉireann a chaomhnú agus rochtain orthu a chur ar fáil. Feidhmíonn DRI freisin mar mhol pobail do bheartas, abhcóideacht, oiliúint agus dea-chleachtas i gcaomhnú digiteach, cartlannú digiteach, bainistíocht sonraí FAIR agus Eolaíocht Oscailte. Tá ceanncheathrú DRI ag Acadamh Ríoga na hÉireann. Féach: https://dri.ie/
Is é maoiniú poiblí a fhaigheann Acadamh Ríoga na hÉireann go príomha agus cuireadh ar bun é chun an léann sna heolaíochtaí agus sna daonnachtaí a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Tá an plean straitéiseach is déanaí de chuid an Acadaimh, a bhaineann leis an tréimhse ó 2019 go 2023, ar fáil anseo: https://www.ria.ie/strategic-plan.
Príomhchuspóir an róil
Is conradh téarma sheasta é seo ag obair mar bhainisteoir tionscadail chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Thaighde Oscailte. Leagtar amach sa phlean seo amach cuspóirí agus gníomhartha don chéad chaibidil eile in aistriú na hÉireann i dtreo Taighde Oscailte. Rannchuideoidh an t-iarrthóir rathúil le cur chun feidhme an phlean seo trí riar éifeachtach gníomhaíochtaí maoinithe a chinntiú, trí chomhordú agus ailíniú trastionscadail a éascú, trí idirchaidreamh a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara go léir, agus trí chuidiú le cumarsáid agus for-rochtain. Beidh an t-iarrthóir rathúil lonnaithe ag DRI in Acadamh Ríoga na hÉireann agus oibreoidh sé go dlúth leis an gComhordaitheoir Taighde Oscailte Náisiúnta agus leis an bhFóram Taighde Oscailte Náisiúnta.
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |