Oifigeach Feidhmiúcháin
Gael Linn
Próifíl an Phoist:
Beidh an tOifigeach Feidhmiúcháin freagrach go príomha as eagrú scéimeanna oideachasúla Gael Linn i gcomhar leis an mBainisteoir.
Cáilíochtaí Riachtanacha:
– Líofacht Gaeilge agus Béarla idir labhairt agus scríobh
– Eolas agus tuiscint ar earnáil na Gaeilge
– Ardscileanna ríomhaireachta agus taithí ar na meáin sóisialta
– Cumas obair as a stuaim féin agus obair mar bhall d’fhoireann
– Scileanna agus taithí bainistithe tionscadail
– Ardscileanna cumarsáide
– Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
Critéir inmhianaithe
– Dearcadh dearfach
– Duine réiteach-dhírithe
– Duine solúbtha
– Meon an fháis
I measc na bhfreagrachtaí, tá:
-Réamhphleanáil agus gach socrú a dhéanamh ar imeachtaí de chuid Gael Linn ar nós babhtaí díospóireachta, réamhbhabhtaí agus Craobh Scléip, Féilte Peile do bhunscoileanna, féilte Coirm, imeachtaí don 3ú leibhéal srl.
-Bheith gníomhach agus éifeachtach ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh gréasáin Gael Linn
-Tacú le scéimeanna eile Gael Linn
Spriocdháta le haghaidh iontrála: 19 Aibreán 2024
Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Bíonn taisteal i gceist leis an ról seo chun imeachtaí a chur ar siúl in ionaid éagsúla timpeall na tíre
Cuirtear CV agus litir chumhdaigh chuig Mairéad Ní Thiománaigh maireadt@gael-linn.ie
Tá an ról seo urraithe ag Foras na Gaeilge
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |