Oifigeach margaíochta & Turasóireachta
Ionad Cois Locha
Téarma Seasta
Cúige Uladh
19/04/2024
Tá Ionad Cois Locha ar lorg iarrasaóití ar phost mar Oifigeach Turasóireachta. Conradh téarma seasta 18 mí atá i gceist, athnuachan ag brath ar mhaoiniú. Is post lánaimseartha é le tuarastal de €30,000 in aghaidh na bliana. Tá an post seo maoinithe ag Údarás na Gaeltachta mar chuid dá dtiomantas do thurasóireacht a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta na hÉireann agus an oidhreacht chultúrtha uathúil a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Riachtanais:
- Cáilíocht tríú leibhéal agus/nó dhá bhliain taithí i réimse ábhartha.
- Líofacht sa Ghaeilge labhartha agus cruinneas sa Ghaeilge scríofa.
- Scileanna láidre cumarsáide, ríomhaireachta agus idirphearsanta.
- Suim i gcultúr na Gaeltachta.
Cur Síós Poist:
- Freastal ar chlár oiliúna chun scileanna bainistíochta turasóireachta a fhorbairt.
- A bheith páirteach I ngréasán foghlama de thograí stráitéiseachta turasóireachta sa nGaeltacht.
- Roinnt bainistíochta foirne.
- Bheadh taithí ar oidhreacht, cultúr, ceol, margaíocht, staidéar músaem, stair, pleanáil tionscadail, nó na meáin shóisialta ina bhuntáiste.
- Tionscnamh turasóireachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
- Maoirseacht a dhéanamh ar iarrachtaí margaíochta d’Ionad Cois Locha.
- Cuidiú le imeachtaí a phleanáil, a chur chun cinn agus a chur i gcrích .
- Úsáid a bhaint as scileanna ábhartha san oidhreacht, sa chultúr, sa mhargaíocht, i staidéar músaeim, sa stair, sna meáin shóisialta, etc., chun cur le forbairt Ionad Cois Locha
Déan teagmháil le dunleweycentre@gmail.com
Job Features
Job Category | Earnáil Phríobháideach, Gach Folúntas |