Saoraistritheoirí
Europus
Téarma Seasta
Cianobair, Timpeall na Tíre
29/04/2024
Tá Europus ag cur seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta agus fotheidealaithe den chéad scoth ar fáil do chliaint san earnáil phríobháideach agus phoiblí, do na meáin náisiúnta agus do na hInstitiúidí Eorpacha le beagnach 30 bliain. Mar thoradh ar chonradh nua atá bainte amach ag an gcomhlacht le ceann d’Institiúidí na hEorpa is mian linn cur leis an bhfoireann bhuan chomh maith le líon na saoraistritheoirí a n-oibrímid leo.
SAORAISTRITHEOIRÍ
Riachtanach:
- Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal agus taithí dhá bhliain ar a laghad san aistriúchán
- Taithí ar uirlis CAT– MemoQ, nó Trados – cuirfear ceadúnas saoraistritheora MemoQ ar fáil
- Cleachtadh ar thaighde a dhéanamh ar théarmaí agus eile mar a bhaineann leis an aistriúchán
- Cleachtadh ar na sruthanna oibre a bhaineann le hábhar a sholáthar go seachtrach
Seol CV chuig europuseutranslation@europus.ie más suim leat glacadh le hobair ar bhonn seachtrach.
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phríobháideach, Gach Folúntas |