Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge

Tá an-chuid roghanna amuigh ansin más maith leat cúrsa bunchéime a dhéanamh leis an nGaeilge. Seo daoibh roinnt acu a bhfuil dúil againn in PEIG.ie iontu.

B.A – Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin

Cuireann Ollscoil na hÉireann Gaillimh rogha leathan cúrsaí Gaeilge ar fáil ag leibhéal na bunchéime. Cé gur roghnaíodh an cúrsa seo le bheith ar ár liosta, is féidir breathnú ar na cúrsaí eile leis an teanga atá acu anseo. I gcás an chúrsa seo dírítear go sonrach ar staidéar na Gaeilge agus an Aistriúcháin, agus múintear na modúil ar an aistriúchán trí Ghaeilge le cabhrú le tumadh agus foghlaim na teanga.

Caitear súil ar shaol an aistritheora gairmiúil chomh maith agus ar na dualgais a bhíonn le comhlíonadh aige ó lá go lá. Má tá spéis agat aghaidh a thabhairt ar Institúidí an Aontais Eorpaigh mar aistritheoir amach anseo, is é an cúrsa seo an ceann is oiriúnaí duit. Léigh níos mó anseo.

BComm (Idirnáisiúnta) le Gaeilge

Tá domhan na Gaeilge ag fás níos mo lá i ndiaidh lae. Ag dul leis an bhfás sin bíonn éileamh ar ghnóthaí agus seirbhísí le freastal ar chainteoirí na teanga. Tugann an cúrsa seo deis duit foghlaim faoi na scileanna agus na modhanna oibre is éifeachtaí le dul i ngleic le saol an ghnó. Tapaigh an deis seo an Ghaeilge a fhoghlaim in éineacht leis an tráchtáil.

Tá rogha an-leathan ar fáil i gcás na modúl ar an nGaeilge agus sa tríú bliain bíonn socrúchán oibre le déanamh. Tugann an ghné seo taithí phracticiúil i suíomh oibre do na mic léinn ar an gcúrsa sula bhfágann siad an ollscoil. Do na fiontraithe inár measc – is daoibhse an cúrsa seo. Bain úsáid as do Ghaeilge chun an lámh in uachtar a thabhairt duit agus tú ag tosú amach i ndomhan an ghnó. Léigh níos mó anseo.

BCL – Dlí & Gaeilge

Cúrsa sách nua ar an bhfód é an cúrsa seo a cuireadh ar fáil ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath don chéad uair sa bhliain 2017/2018. Nascann an cúrsa seo staidéar dlí agus staidéar ar theanga na Gaeilge le chéile. Múintear modúil ar scríobh agus cruinneas na Gaeilge sa chéad agus sa dara bliain, agus ina dhiaidh sin tugtar rogha leathan modúl ar an Aistriúchán Dlíthiúil, Iriseoireacht na Gaeilge agus cinn eile a chuirfidh go mór le do chumas sa teanga i gcomhthéacs an dlíchleachtaidh.

Dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus suim acu sa dlí, ní thiocfar ar chúrsa níos fearr ná an ceann seo. Léigh níos mó faoi anseo. Cuireann Ollscoil Luimnigh cúrsa Dlí le Gaeilge ar fáil chomh maith. Is féidir léamh níos mó faoin gcúrsa sin anseo.

B.A – Ríomheolaíocht & Teanga

Cuireann Coláiste na Tríonóide 20 spás ar an gcúrsa uathúil seo ar fáil do dhaoine gur mian leo céim sna dána a bhaint amach sa ríomheolacíoht agus sa Ghaeilge. Is é seo an t-aon chúrsa amháin sa tír a thugann deis dá mic léinn staidéar a dhéanamh ar an dá ábhar seo le chéile.

Tá fás ollmhór tagtha ar an éileamh ar dhaoine a bhfuil ardscileanna códaithe agus ríomhaireachta acu, go háirithe leis an méid ollchomhlachtaí teicneolaíochta atá lonnaithe in Éirinn. Más Gael thú le cur amach maith ar ríomhairí agus ar an gcaoi a mbíonn siad ag feidhmiú go hinmheánach, tá an cúrsa seo foirfe duit. Léigh níos mó faoi anseo.

B.A – Gnó agus Gaeilge

Níl aon chéim eile in Éirinn ar a múintear cúrsaí chomh sainiúil seo sa ghnó, sa bhainistíocht agus i dTeicneolaíocht na Faisnéise trí mheán na Gaeilge. Tá nasc idir an clár seo agus fostóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a thugann tús áite do chéimithe a bhfuil sárscileanna gnó agus IT acu agus ar ceannairí nuálacha iad.

Tá an cúrsa seo roghnaithe againn don liosta seo toisc go dtugann sé deis duit scileanna praiticiúla áisiúla a fhoghlaim a thiocfaidh i gcabhair go mór ort i do shaol gairmiúil. Má tá bua agat sa scríbhneoireacht agus Gaeilge ar do thoil agat b’fhiú duit machnamh a dhéanamh ar an gcúrsa seo. Tá béim ar leith ar na réimsí seo a leanas: an gnó, an bhainistíocht, Teicneolaíocht na Faisnéise agus an Ghaeilge. Sa bhreise air sin bíonn modúil ar an mBainistíocht Straitéiseach, Bainistíocht Tionscadail agus Bainistíocht Acmhainní Daonna. Léigh níos mó faoi ag: Fiontar & Scoil na Gaeilge.

B.A – Teangacha & Turasóireacht Idirnáisiúnta

D’éirigh le Institúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath stádas ollscoil theicniúil a bhaint amach an tseachtain seo caite agus beidh foirgnimh éagsúla s’aige ag aistriú go campas úrnua atá lonnaithe ar an nGráinseach Ghormáin i dtuaisceart na hardcathrach. Cuirtear an cúrsa ilghnéitheach seo ar fáil le rogha teangacha, an Ghaeilge cuid amháin acu.

Dírítear ar chúrsaí margaíochta agus bainisíochta i gcás na turasóireachta ar an gcúrsa agus ó thaobh na Gaeilge de tá modúil ar chultúr na hÉireann agus ar scríobh agus léamh na teanga. Cúrsa iontach é seo d’éinne le spéis san earnáil turasóireachta nó aíochta. Foghlaim na scileanna úsáideacha agus foghlaim faoi conas an Ghaeilge a shníomh isteach i do shaol gairmiúil amach anseo. Léigh níos mó faoi anseo.

Cuireann ollscoileanna eile ar oileán na hÉireann rogha cúrsaí bunchéime Gaeilge ar fáil chomh maith. Caith súil ar na cúrsaí de chuid Ollscoil Ulaidh, Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Mhá Nuad.

Spéis agat tabhairt faoi cúrsa iarchéime? Breathnaigh ar ár liosta anseo.