Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Gaelcholáistí

Gaelcholáistí

Feidhmíonn scoil lán-Ghaeilge mar a fheidhmíonn aon scoil eile ag an dara leibhéal ach gurb í an Ghaeilge an teanga teagaisc sa scoil, agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na daltaí agus an bhainistíocht.  Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Go minic, tugtar Gaelscoil ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaelcholáiste ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge.

Cén fáth go roghnóinn an Gaeloideachas do mo pháiste? Roghnaíonn tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ar chúiseanna éagsúla, na cúiseanna seo san áireamh:

  • Tá sé fíor-thábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí.
  • Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile.
  • Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin.
  • Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh i ndá theanga agus na buntáistí a bhaineann leis sin.
  • An t-oideachas den scoth a chuireann na scoileanna ar fáil do pháistí.
  • Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí.
Tá 179 bunscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta agus 305 bunscoil lán-Ghaeilge in iomlán sa tír. Tá 43 meánscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta le 71 in iomlán.
Tá léarscáileanna déanta amach ag Gaeloideachas agus ag Comhairle na Gaelscolaíochta ag léiriú Gaelscoileanna ar fud fad na tíre:

Gaeloideachas
Comhairle na Gaelscilaíochta
Cinnte, is féidir. Is buntáiste é don dalta má tá Gaeilge á labhairt sa bhaile, fiú mura bhfuil i gceist ach í a labhairt ag am ar leith nó go bhfuil focail áirithe in úsáid, ach gur léir don dalta nach teanga scoile amháin í an Ghaeilge agus go bhfuil an-spéis ag na tuismitheoirí sa teanga.
Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas a chuireann comhairle agus tacaíocht ar fáil do phobal nó duine a chinneann scoil a bhunú agus feidhmíonn sí ar mhianta an phobail. Is í príomhaidhm na heagraíochta ná Gaelscolaíocht d’ardchaighdeán a bhunú agus a bhuanú ar fud na tíre mar aon le pobal agus cultúr na Gaeilge a fhorbairt agus a neartú.
Is eagraíocht í Comhairle na Gaelscolaíochta atá freagrach as soláthar oideachais lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhunaigh an Roinn Oideachais an eagraíocht sa bhliain 2000 chun oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus a thacú ó thuaidh.

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge