Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn

Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn

Is buntáiste luachmhar í an Ghaeilge agus tú ag lorg fostaíochta anseo in Éirinn nó níos faide i gcéin.  Is iomaí deis atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu san earnáil phoiblí, le comhlachtaí ghnó agus riaracháin, san earnáil an chultúir, sna meáin agus iriseoireacht, san aistriúchán agus ateangaireacht agus sa chóras oideachais.

Tá bord folúntas ar PEIG.ie, an bord is mó úsáide Gaeilge atá ann. Is féidir cuairt a thabhairt air anseo.

An tSeirbhís Phoiblí

Tá os cionn 300,000 duine fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus sa státseirbhís i bPoblacht na hÉireann. Bhíodh meas i gcónaí ar chumas Gaeilge san earnáil phoiblí agus tá go leor post dá dteastaíonn líofacht sa Ghaeilge, go háirithe i gceantair Ghaeltachta, sa roinn sláinte agus sa roinn oideachais.

Acmhainní

An Earnáil Phríobháideach

Dar le tuarascáil a d’fhoilsigh an tÚdarás um Ard-Oideachas, fuair os cionn 60 faoin gcéad de mhic léinn Phoblacht na hÉireann a bhain céim baitsiléara onóracha amach in 2006 fostaíocht san earnáil phríobháideach ar dtús. Is margadh ionchasach suntasach é pobal na Gaeilge, daoine aonair chomh maith le heagraíochtaí, do na hearraí agus na seirbhísí seo. Tá go leor cuideachtaí tosaithe ag díriú ar an margadh seo agus ag tairiscint a gcuid seirbhísí trí mheán na Gaeilge, chun sochar a bhaint as an deis seo. Mar an gcéanna le forbairt gairme in aon earnáil eile, bíonn dul chun cinn bunaithe ar fheidhmíocht, agus, sna cuideachtaí níos mó go háirithe, an cumas seasamh amach sa slua.

Acmhainní

Earnáil an Chultúir

Is cuid bhríomhar de shaol sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann í earnáil an chultúir. Cé go n-oibríonn roinnt céimithe mar chleachtóirí ealaíon, tá deiseanna ann freisin d’fhoireann theicniúil, oideachais agus riaracháin taobh istigh d’eagraíochtaí tacaíochta.                                                                          

Acmhainní

Na Meáin Chumarsáide

Is buntáiste í an Ghaeilge dóibh siúd ag obair leis na meáin chlóite, na meáin chraolta agus na meáin dhigiteacha. Bealach iontach chun dul i gcion ar fhostóirí ionchasacha sa réimse seo is ea a léiriú dóibh go bhfuil suim agat sna meáin trí obair a dhéanamh le stáisiúin raidió phobail nó dheonacha cosúil le Raidió na Life agus Raidió Fáilte.

Acmhainní

Stáisiúin Raidió

Aistriúcháin & Athteangaireacht

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) agus aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach tar éis cur leis na deiseanna atá ar fáil i réimsí an aistriúcháin agus na hateangaireachta. Is éard atá i gceist le haistriúchán ná téacs a chur ar fáil i dteanga agus i gcultúr éagsúil do lucht léitheoireachta agus do chuspóir ar leith.  Tá an ateangaireacht difriúil ón aistriúchán sa mhéid is go bhfuil sí bunaithe ar chumarsáid béil, seachas ar chumarsáid scríofa.

Acmhainní

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge