
An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2025
An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2025
@ Amharclann Bhearna na Sceiche
Comórtas Féile Siamsaíocht Agus EalaínTá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais anois d'Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2025. Tá an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta á eagrú ag an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta le tacaíocht ón Oireachtas.
Bíonn drámaí Gaeilge do dhaoine fásta ó na ceithre chúige páirteach san Fhéile Náisiúnta Drámaíochta. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí aisteoirí le Gaeilge a gcuid drámaí a iontráil le léiriú mar chuid den fhéile.
Chomh maith leis na drámaí (fada agus gearr), glacfar le drámaíocht dhúchasach (scéaldrámaí, agallaimh bheirte, lúibíní agus scéalaíocht) a iontráil.
Beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl in Amharclann Bhearna na Sceiche, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí (P21 KR25) ar an Aoine, 4 Aibreán agus an Satharn, 5 Aibreán ach ní mór a bheith cláraithe roimh ré má theastaíonn uait dráma a léiriú mar chuid den fhéile. Tá an-áthas orainn go mbeidh Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív i láthair agus ag bronnadh na ngradam ag an bhFéile Náisiúnta.
Is é an dáta deiridh le clárú ná Dé hAoine, 28 Feabhra 2025. Beidh táille €15 le híoc le bhur n-iontráil ar an bhFéile a chinntiú.
Má tá aon cheist agat, beidh fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le foireann na dtaibhealaíon ag taibhealaion@antoireachtas.ie.
Cláraigh anseo