Atomic Irish
Atomic Irish
@ Glór Uachtar Tíre
Ar líne RangTá Glór Uachtar Tíre ag cur dhá shraith eile d'Atomic Irish ar fáil. Tá an cúrsa seo dírithe ar chóras fuaimniú na Gaeilge. Is cúrsa ar leith é fá choinne tuismitheoirí. Tá sraith fá choinne foghlaimeoirí Gaeilge agus ceann fá choinne daoine a bhfuil bunús maith Gaeilge acu (GCSE+).
Mairfidh an dhá shraith cúig seachtain, uair amháin gach seachtain. Beidh costas £20 ar an chúrsa ar fad.
Cúrsa fá choinne foghlaimeoirí: Gach Máirt 7.30pm-8.30pm ag tosú ar an 23ú Márta.
Cúrsa fá choinne daoine le bunús maith Gaeilge: Gach Luan, ag tosú ar an 22ú Márta ag 7.30in-8.30in.
Tá áiteanna teoranta. Cuir d'áit in áitithe ag www.gloruachtartire.com. Tuilleadh eolais: 07501 252027 nó gloruachtartire@hotmail.co.uk