Bál do Bhród 2022
Bál do Bhród 2022
@ Baile Átha Cliath
Ciste SpreagthaBeárbaiciú (17:00-19:00); biongó ceoil (19:00-21:00); an Bál féin (21:00-23:00)
Ag glacadh inspioráide ó na báil in Harlem sna 1980idí: gléasfaidh daoine de réir catagóire (Is í do Mhaimeo í, GAA Realness, Opulence Ghradaim an Oireachtais agus Vógáil ar an Sean-nós) agus déanfaidh siad catwalk le tráchtaireacht ón stáitse.
Ceol idir na catagóirí ó bhanna aiteach.
Cuir ort do ghealra, réitigh cúpla feisteas do Bhál Aiteach Bhród 2022 agus bí linn i @clubchonradh an 18 Meitheamh! Beidh duaiseanna breátha le gnóthachtáil sa mbiongó ceoil 7 don fheisteas 7 an siúl is fearr ar an runway! Deis spraíúil bualadh le pobal #LADTA+ na #Gaeilge!