
Blas Meala
Blas Meala
@ Tigh Mholly, Indreabhán
Léacht nó CaintBeidh Simon Ó Cróinín ó Ghaeltacht na Mí linn le labhairt faoina leabhar 'Blas Meala', leabhar neamhfhicsean faoina thaithí pearsanta ar an mbeachaireacht i dTigh Mholly ag a 8 ar an Aoine, 12 Bealtaine. Beidh taispeántas pictiúir aige chomh maith le caint ar na beacha, na plandaí ar a mbraitheann siad agus ar dhéanamh an mheá, deoch meisciúil a dhéantar as mil. Beidh clann Simon in éineacht leis agus beidh seisiún bríomhar ceoil ina dhiaidh na cainte le Éanna Ó Cróinín ar an bpíb uilinn, Áine Ní Chróinín ar an bhfidil agus Tadhg Ó Cróinín ar an mbainseo. Bígí linn le foghlaim faoina beacha, tábhacht na bithéagsúlachta agus le haghaidh cúpla port. Fáilte roimh chách.