
Campa Samhraidh Setanta
Campa Samhraidh Setanta
@ Cultúrlann Uí Chanáin 🥇
Campa Samhraidh Imeacht don ÓigeBí lenár gclub óige an samhradh seo fá choinne seachtain dho-dhearmadta lomlán le gníomhaíochtaí le turas go Jungle NI, ealaín agus ceardaíocht, bácáil agus neart eile san áireamh trí mheán na Gaeilge! Is féidir le do pháistí a bheith ag súil le cúig lá ar dóigh atá fóirsteanach do pháistí idir rang 1 agus rang 7 (5-11 bliain d'aois).
Beidh an campa ar siúl an tseachtain idir an 21 agus an 25 Iúil agus is é an spriocdháta dár bhfoirm léirithe spéise an 27 Meitheamh. Níl sé ach £20 duine, le t-léine san áireamh chomh maith, ach tá spásanna teoranta, mar sin na caill amach agus cuir isteach d'iarratas inniu!
Ráta teaghlaigh ar fáil. Le tuilleadh eolais a fháil agus má tá aon cheist agat, gabh i dteagmháil le do thoil le Ben@culturlann.org.