
Comhdháil Mhic Léinn na Ceiltise
Comhdháil Mhic Léinn na Ceiltise
@ Ollscoil Aberystwyth (agus ar líne)
Ciste Spreagtha Léacht nó Caint Seachtain na Gaeilge le EnergiaBeidh Comhdháil Mhic Léinn na Ceiltise 2025 ar siúl in Ollscoil Aberystwyth sa Bhreatain Bheag agus ar líne ón 12-14 Meitheamh. Comhdháil idirnáisiúnta hibrideach do scoláirí tríú leibheál is ea a thógann mic léinn ó gach cearn den domhan Ceilteach le chéile chun a gcuid taighde a roinnt. Beidh páipéir á gcur i láthair i mBéarla agus i ngach ceann de na teangacha Ceilteacha agus cuirfear ateangaireacht chomhuaineach go Béarla ar fáil do na páipéir sin.
Táimid go mór faoi chomaoin ag Scéim Cholm Chille Fhoras na Gaeilge agus ag an gCiste Spreagtha de chuid Chonradh na Gaeilge as an tacaíocht.
Cláraigh anseo: https://www.eventbrite.co.uk/e/celtic-students-conference-2025-cynhadledd-myfyrwyr-celtaidd-2025-tickets-1318469811699?aff=ebdssbdestsearch&keep_tld=1