Comórtas Físeán Grinn le GaelGÁIRÍ
Comórtas Físeán Grinn le GaelGÁIRÍ
@ Ar fud na Cruinne!
Ar líne Seachtain na Gaeilge le Energia€100 don fhíseán is mó amharc/seinm
€50 don fhíseán is fearr leis na moltóirí
Moltóir: Seán T. Ó Meallaigh agus GaelGÁIRÍ
- Is gá físeán nua a chruthú. Caithfidh an físeán/fotheidil, más ann doibh, a bheith i nGaeilge. Níl cosc ar chorrfhocal Béarla. Is féidir na físeáin a chrochadh nó a chruthú ar aon suíomh sóisialta.
- Caithfidh an físeán dul in airde idir 9 Feabhra is 16 Márta 2021. Fógrófar na buaiteoirí ar 17 Márta.
- Caithfear an haischlib #GaelGÁIRÍ a chur leis an bhfíseán.
- Caithfear nasc chuig an bhfíseán a chur chuig gaelgairi@gmail.com ar an 16 Márta 2021 ar a dhéanaí.
Na moltóirí a dhéanfaidh an bhreith dheiridh faoi na duaiseanna.