Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh.
"Anocht m'oíche dheireanach sa teach seo agus briseann sé sin mo chroí. Sa teach seo inár rugadh agus ar tógadh mé is mo shinsir romham agus inar fhás mé suas le mo theaghlach líonmhar sul má scaipeadh muid.
Sa teach seo mar a bhfuillim i mo chónaí le mo bhean le deich mbliana anuas agus le mo mhac Shane lena leath sin. Máidin amárach fágfaidh mé an teach seo, mo bhean … is mo mhac i mo dhiaidh."