Dráma Nua Gaeilge ag Fringe 2021: Idir Mise agus Craiceann do Chluaise
Dráma Nua Gaeilge ag Fringe 2021: Idir Mise agus Craiceann do Chluaise
@ Club Chonradh na Gaeilge
Ar líne Siamsaíocht Agus EalaínTar linn ar aistear gáire, damhsa is foghlama trí shaol an chainteora aitigh Gaeilge. Sa turas fuaime seo, treoróidh guth Alan tú trí 30 bliain den stair aiteach trína scéal pearsanta féin. Béarfar thú ó chúinge sheomra suí Éire na 1980idí amach faoi shoilse bogha báistí urlár damhsa an chlub aitigh i Sasana agus ar ais go hÉirinn iar-2015. Éist le cúiseanna áthais is péine na mblianta sin do dhuine de phobal na Gaeilge. Déanfaidh ealaín úrna le Tadhg Ó Ciardha ionadaíocht ar scéal Alan agus na gcéadta daoine eile a brúdh as Éirinn sna 1980idí.
Ní mór don lucht éisteachta fón póca luchtaithe agus cluasáin a thabhairt leo chuig an seó. Is féidir ticéid a chur in áirithe ag www.fringefest.com/festival/whats-on/idir-mise-agus-craiceann-do-chluaise
Scéal: Alan Walpole | Scríbhneoirí: Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy | Ealaín: Tadhg Ó Ciardha
Le tacaíocht Oireachtas na Gaeilge