
Drámaíocht Nua Gaeilge ‘Ní Liomsa an Teach Álainn Seo’
Drámaíocht Nua Gaeilge ‘Ní Liomsa an Teach Álainn Seo’
@ Smock Alley Theatre Boys' School
Siamsaíocht Agus EalaínTá an compántas Cult Collective ag díriú ar dráma, ‘Ní Liomsa an Teach Álainn Seo’, a chur ar stáitse i mBaile Átha Cliath go luath. ‘Is é ábhar an dráma ná Téama LADTA+ pósta le miotaseolaíocht agus béaloideas na hÉireann. I 2024, roghnaíodh ‘Ní Liomsa an Teach Álainn Seo’ le bheith páirteach i bhFéile Drámaíochta na Gaillimhe, áit a dúirt an lucht féachana go raibh sé “dochreidte” le “saibhreas smaointeorieachta agus teanga ann”.
Is saothar nua é seo a mheascann drámaíocht trialach le monalóg agus atá ag plé le hionannas neamh-dhénártha. Is Anna Ní Dhúill, duine neamh-dhénártha, scríbhneoir an tsaothair, agus bhí fonn ar Anna an scéal seo a insint ina teanga dúchais, chun fuascailt a dhéanamh ar finíleacht ábhar ionnanais. Is iad ‘An Té’ príomhcharactar an tsaothair, atá ag fanacht ar a páirtnéir theacht abhaile ionas go n-inseoidh ‘An Té’ go bhfuil siad neamh-dhénártha. Tuigtear don lucht féachana de réir a chéile go bhfuil ‘An Té’, arbh ealaíontóir iad, tógtha go hiomlán le scéal an Táin Bó Cúailgne. Le linn an léiriú uair an chloig, tá cath
idir na monalóig faoi cé acu is fearr maireachtáil fíor do d’fhéiniúlacht féin agus a bheith i gcontúirt a bheith fágtha i d’aonar de bharr seo nó a bheith ag maireachtáil do shásamh daoine eile agus fanacht mar laoch de bharr.
Má tá suim agat in ionnanas aerach, stair na hÉireann, nó dramaíocht go ginearálta, molaimid sibh ticéidí a bookáil.
Beidh sé ar siúl ar an 17ú agus 18ú de Aibréain I Smock Alley Theatre Boys School, ansin ag bogadh ar aghaidh go dtí an Shakespeare North Playhouse i Prescot, Learphóill, Sasana, ar an 8 ú agus 9 ú de Bhealtaine, agus ag críochnú i gCill Chainnigh san Amharclann Watergate i gCill Chainnigh ar an 29 ú de Bhealtaine.
Tá ticéidí ar dhíol ar line ag www. https://smockalley.com/ni-liomsa-an-teach-alainn-seo/.ie nó ag cur glaoch ar 01 6770014. Tá costas €15/17 ar ticéidí.