Féile na bhFlaitheartach 2024
Féile na bhFlaitheartach 2024
@ Tigh Joe Watty
FéileLEAGAN GAEILGE
Féile dhátheangach na bhFlaitheartach 2024, Inis Mór, Árainn, 24/25 Lúnasa
Na Flaitheartaigh - Idirnáisiúntóirí
Tá Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta ag reáchtáil an dara féile shamhraidh déag dá gcuid ar Inis Mór, Féile na bhFlaitheartach, ar an deireadh seachtaine deiridh i mí Lúnasa thar dhá lá.
Díreoidh Féile na bliana seo ar shaothar agus ar shaol Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta agus fiafróidh muid cén bharúil a bheadh ag an mbeirt dheartháir ar cheisteanna idirnáisiúnta an lae inniu.
Tosóidh an Fhéile ag meán lae Dé Sathairn 24ú Lúnasa i dTeach Chill Mhuirbhí, gar d’áit dhúchais na bhFlaitheartach. Osclóidh Luke Callinan an fhéile agus déanfaidh sé cathaoirleacht ar an gcéad imeacht. Sheas na Flaitheartaigh le sinsearacht ar son an té a mbuailtí cois air agus ar son an chirt. Ní raibh drogall orthu léirmheas a dhéanamh ar chúrsaí ina gceantar dúchais Gaeltachta. Díreofar ar an dá ghné sin.
An ealaín agus an Phalaistín an chéad ábhar. Labharfaidh monatóir cearta daonna Éireannach agus gníomhaí sóisialta as an bPalaistín faoi chás na Palaistíne faoi láthair. Sa dara cuid den imeacht, pléifear an ghéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, go háirithe i measc dhaoine óga. Cuirfidh urlabhraí ón eagraíocht Bánú na Gaeltacht síos ar an gceist.
Ar 3.30 i nGairdín Cuimhneacháin na bhFlaitheartach, taobh le teach na bhFlaitheartach i nGort na gCapall, beidh dara imeacht na féile mar a bhíonn chuile bhliain. Cuirfidh an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn léitheoirí óga as an oileán i láthair.
Léifidh Eimear Ní Dhonnchadha sliocht as ‘The Black Soul’ le Liam Ó Flaithearta (1924, cothrom céad bliain an tsaothair). Léifidh Aoibhínn Ní Dhioráin sliocht as gearrscéal Liam Uí Fhlaithearta ‘Ag dul ar imirce’, scéal a léiríonn fírinne chrua an tsaoil sa nGaeltacht mar a bhí.
Ar 8.30 an oíche sin i Meánscoil Éinne, Cill Rónáin léireoidh Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ‘Dúmhál’, dráma le Mícheál Ó Conghaile atá bunaithe ar ghearrscéal le Liam Ó Flaithearta. Beidh ceol agus amhráin áitiúla ina dhiaidh sin agus beidh an t-iomlán á chur i láthair ag Máire Uí Dhufaigh.
Beidh imeacht an Domhnaigh 25ú ag 12.30 i dtábhairne Tí Joe Mac, Cill Rónáin.
Labharfaidh an staraí an Dr John Cunningham (Ollscoil na Gaillimhe) faoi ‘‘Tomás Ó Flaithearta agus Tom Glynn, beirt réabhlóidí idirnáisiúnta”. Chuaigh Tomás Ó Flaithearta (1890-1936) agus Tom Glynn (1881-1934) as An nGoirtín, Co. na Gaillimhe, ar imirce mar fhir óga: O’Flaherty go Meiriceá, Glynn go dtí an Astráil agus an Aifric Theas. Bhí an bheirt gníomhach sa ghluaiseacht ‘Wobbly’ agus iad ag obair mar iriseoirí radacacha. Bhí an bheirt gníomhach freisin i bPáirtithe Cumannacha i ndiaidh réabhlóid na Rúise, ach ní raibh ceachtar acu sásta smacht Cumannach a leanúint. Déanann an chaint seo comparáid idir a gcreideamh poilitíochta agus a n-iriseoireacht. Beidh Éamon Ó Ciosáin ina chathaoirleach ar an gcaint dhátheangach seo.
Osclófar Féile na bhFlaitheartach Dé Sathairn 24 Lúnasa ag a 12 a chlog i dTeach Chill Mhuirbhí. Tá sé oscailte do chách, agus tá fáilte roimh an uile dhuine a bheith inár dteannta don cheiliúradh seo ar shaol agus ar shaothar bheirt fhathach as Inis Mór, Liam agus Tomás Ó Flaithearta.
Is mian le Cumann na bhFlaithearta ár mbuíochas a ghlacadh leo sin a dhéanann urraíocht orainn chuile bhliain: Comhairle Contae na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon.
Murach iad, ní fhéadfaí an Fhéile a choinneáil ag imeacht. Táimid an-bhuíoch dár bpairtnéirí in Árainn, Kilmurvey House, Tí Joe Mac agus Meánscoil Éinne, Pleanáil Teanga Árann agus cairde eile a chuidíonn leis an bhFéile chuile bhliain.
Tuilleadh eolais: Éamon Ó Ciosáin, eociosain@gmail.com, 086 079 8268