
Féile na Fuaime
Féile na Fuaime
@ Halla Astra, Ionad na Mac Léinn UCD
Ceol Féile Oiriúnach do Theaghlaigh Siamsaíocht Agus EalaínCeiliúradh na Gaeilge agus cultúr na hÉireann trí mheán an cheoil
Beidh ceol, cultúr agus spraoi ar leibhéal eile ag Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD) ar an 20 Feabhra le...... Féile na Fuaime!!
Ceolchoirm den chéad scoth a bheidh ann i gcomhar le Gaeltacht UCD agus An Cumann Gaelach UCD. Oíche nach ndéanfar dearmad uirthi 🌟🎶
Beidh iontach an réimse tallainne ann, idir amhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí:
🎤 Sibéal Ní Chasaide – guth draíochtúil na hÉireann le cumhacht a chuirfidh racht mothúcháin ionat
🎸 An Chéad Ghlúin Eile – le casadh úr ar cheol traidisiúnta nach féidir gan port a chasadh leis
🥁 Burnchurch – banna a thabharfaidh fuaim bhríomhar agus fuinneamh uathúil do bheatha ar an oíche
💃 Agus go leor eile chun sibhse a chur ag damhsa agus ag canadh!!
⏰ Am: Beidh na doirse ar oscailt ag 19.00. Tosóidh an spraoi ag 19.30
📍 Áit: Halla Astra, Ionad na Mac Léinn, UCD
🎟 Táillí: €5 do mhic léinn, €10 don phobal
Ná cailligí an deis seo – tabhair le do chairde, cuir scairt ar do chlann, agus téirigí chuig ceolchoirm a mheabhróidh dúinn go léir an neart agus an álainn atá i gceol agus cultúr na hÉireann. Bígí réidh le bheith faoi gheasa! ✨