
Féile Sráide Nás na Ríogh
Féile Sráide Nás na Ríogh
@ Baile Nás na Ríogh
Féile Seachtain na Gaeilge le EnergiaIs í Féile Sráide Nás na Ríogh an fhéile trí Ghaeilge is mó in Éirinn ar Lá Fhéile Pádraig. Bíonn rud éigin ann do gach aoisghrúpa agus do gach léibhéal Gaeilge ar fáil saor in aisce don phobal. Creidimid go láidir go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach den lá naomhphártún na hÉireann. Beidh deis ann do chuile dhuine páirt a ghlacadh agus taitneamh a bhaint as na himeachtaí.
Beimid ag teacht le chéile i lár bhaile Nás na Ríogh do Fhéile Sráide 2025 ar Lá Fhéile Pádraig. Ó 14:00, beidh grúpaí áitiúla ag seinm, ag damhsa agus ag canadh i gceithre shuíomh timpeall an bhaile. Beidh fuirseoireacht ar na boinn, filíocht agus drámaíocht ann freisin. I measc na himeachtaí ar an lá, beidh seó draíochta do pháistí, seó eolaíochta ag Mick agus críochnóimid le céilí ag Cearnóg na Poibleoige. Beidh seastáin ann arís i mbliana ag roinnt de na mionchomhlachtaí ag scoláirí idirbhliana Gael-Choláíste Chill Dara agus beidh earraí Gaelacha agus seirbhís i nGaeilge ann ar an lá. Beidh seastán ag Cill Dara le Gaeilge ann chun eolas a roinnt leis an bpobal faoi na deiseanna áitiúla atá ann maidir leis an nGaeilge. Bígí linn!