
Léiriú Róise & Frank
Léiriú Róise & Frank
@ Léachtlann Séamus Heaney
Siamsaíocht Agus EalaínTá áthas ar OCBÁC a fhógairt go mbeidh taispeántas speisialta den scannán iomráiteach ‘Róise & Frank’, Dé Luain, 7 Aibreán 2025.
Beidh Peter Murphy Rachael Moriarty (scríbhneoirí agus stiúrthóirí an scannáin), i láthair chun labhairt faoin scannán. Beidh siad i gcomhrá le Muireann Ní Chíobháin, Scríbhneoir Cónaithe le Gaeilge OCBÁC 2024, agus beidh fáilte roimh cheisteanna ón lucht féachana.
Le tacaíocht ó: Oifig na Gaeilge OCBÁC, Leabharlann OCBÁC & Ealaíon agus Cultúir OCBÁC.