Niall de Búrca, scéalaí traidisiúnta ag Leabharlann Dhún Garbhán
Niall de Búrca, scéalaí traidisiúnta ag Leabharlann Dhún Garbhán
@ Leabharlann Dhún Garbhán
Siamsaíocht Agus EalaínTá Niall de Búrca, scéalaí cumasach agus bríomhar as iarthar na hÉireann, ag teacht go Leabharlann Dhún Garbhán Déardaoin an 5 Deireadh Fómhair ag 7pm. Tá an ócáid seo mar chuid de chlár Scríbhneoirí Leabharlanna Phort Láirge 2024 agus tá an ócáid seo so-dhéanta de bharr urraíocht fhlaithiúl ó Dhún Garbhán le Gaeilge.
Tá an-tóir ag Niall ar lucht féachana de gach aois agus tá traidisiún scéalaíochta na hÉireann á roinnt aige ar shé mhór-roinn i dtíortha chomh héagsúil leis an Nigéir, an Asarbaiseáin agus an Liotuáin. Tá cumas ar leith ag Niall siamsaíocht a chur ar fáil do ghach aoisghrúpa, tá Dún Garbhán chun féirín ceart a fháil! Áirithint riachtanach don ócáid seo, cuir glaoch ar 058 21141 chun do shuíochán a chur in áirithe.
Bhí Niall i ar stáitse i bPort Láirge go minic roimhe seo agus tá an-tóir air ag chuile dhuine a bhfuil sé de phléisiúr acu é a fheiceáil i mbun a chuid oibre. Tá buanna éagsúla ag Niall, chuir sé an guthú ar fáil ar eagráin dhigiteacha ghiorraithe de go leor scéalta clasaiceacha lena n-áirítear CS Lewis Narnia, Danny The Champion of the World le Roald Dahl. Bhí sé le feiceáil in Ionad Hans Christian Andersen in Odense na Danmhairge agus in Helsgor, áit ar leag Shakespear Hamlet agus bhí sé ar stáitse i bParlaimint na hEorpa.
In 2021, bronnadh Sparánacht Dámhachtana Chomhairle Ealaíon na hÉireann ar Niall chun The Wild Atlantic Tales a fhorbairt a chuaigh ar camchuairt in amharclanna ó Chiarraí go Doire in 2022. Is iomaí uair a roinn Niall a chuid scéalta in Áras an Uachtaráin. Is maith le Niall léirithe traidisiúnta chomh maith le léirmhíniú ar thaispeántais ghailearaí ar nós an Chéad Chogadh Domhanda, na Lochlannaigh agus an t-ealaíontóir cinéiteach Len Lye. Taispeánadh a sheó Tale Sophie (scéal saoil Sophie Scholl agus friotaíocht White Rose de Réimeas Hitler) den chéad uair in Erlangen sa Ghearmán i 2019.
Mar a deir an seanfhocail "An té a bhíonn siúlach, bíonn scéalach", agus is cinnte go bhfuil saibhreas scéalta le hinsint ag Niall. Beidh léiriú Niall dátheangach le béim ar an nGaeilge. Tá léirithe Niall den chéad scoth, mar sin cuir d'áit in áirithe le Leabharlann Dhún Garbhán inniu.
Bí cinnte go mbreathnóidh tú ar www.waterfordlibraries.ie suíomh gréasáin le haghaidh imeachtaí atá le teacht i Leabharlanna Phort Láirge.