Seimineár na Gaeilge AMLÉ
Seimineár na Gaeilge AMLÉ
@ Zoom - Ar líne
Ar líne Seachtain na Gaeilge le EnergiaSeimineár bliaintiúil atá ag reáchtáil ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn mar chuid de Seachtain na Gaeilge le Energia 2021.
Beidh an ócáid seo ar siúl thar dhá lá i mbliana ar an 4-5 Márta le cainteanna, ceardlanna, agus siamsaíocht atá dírithe ar mhic léinn le Gaeilge agus iad siúd a bhfuil spéis acu sa teanga.
Beidh painéal cainte faoin ilchineálachas i saol na Gaeilge, caint ar chur chun cinn na teanga in Oirthear Bhéal Feirste, seisiún ar an nGaeilge agus an disléicse, taispeántas draig trí Ghaeilge, ceardlann ar ghairmeacha le Gaeilge, caint ar an bpróiseas pleanála teanga agus painéal cainte le mic léinn Gaeltachta.
Nasc Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/seiminear-na-gaeilge-tickets-142247527183