
Seoladh leabhair le Dr Kerron Ó Luain
Seoladh leabhair le Dr Kerron Ó Luain
@ Cultúrlann Uí Chanáin 🥇
Léacht nó Caint SeoladhLeathchéad bliain ó shin bunaíodh an eagraíocht Gaeloideachas, nó Comhchoiste Náisiúnta na Scoileanna Lán-Ghaeilge mar a tugadh air nuair a tháinig sé ar an bhfód i gColáiste Mhuire, Baile Átha Cliath in 1973.
Lasmuigh den Ghaeltacht, ní raibh ach dornán scoileanna lán-Ghaeilge ann ag an am agus an líon sin ag titim de shíor a bhuíoch le béalghrá an stáit ó dheas agus naimhdeas an stáit ó thuaidh. Ach d’éirigh le hoideachasóirí agus gníomhaithe teanga deonacha an taoide a iompú agus bunaíodh beagnach 200 gaelscoil ó shin. Tá na céadta míle páiste ar fud na tíre imithe tríd an earnáil nach bhfuil an nimh san fheoil acu don teanga dá bharr. Sa seoladh leabhair seo, cíorfar fás agus forbairt an tionscadail fhorásaigh dhíchoilínithe seo le caoga bliain anuas agus na dúshláin éagsúla ab éigean do ghníomhaithe, do mhúinteoirí agus do phríomhoidí dul in adharca leo chun go mbeadh rath ar an ngluaiseacht.
Is staraí é an Dr Kerron Ó Luain, as Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath. Chaith sé tréimhsí ag múineadh na staire agus na Gaeilge in ollscoileanna in Éirinn agus i Meiriceá.
Beidh an imeacht dátheangach agus beidh sólaistí ar fáil.