Siúlóid ar an Chosán Marcaíochta i nGleann Bheatha
Siúlóid ar an Chosán Marcaíochta i nGleann Bheatha
@ Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Seachtain na Gaeilge le Energia Siamsaíocht Agus Ealaín Spórt agus SláinteMar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2022, d’eagraigh Líonra Leitir Ceanainn siúlóid thar Loch Inse ó Gartán go Gleann Bheatha faoi sholas na gealaí. D’éirigh go han-mhaith leis an imeacht seo agus bhain gach duine sult mór as. Mar gheall ar an éileamh a bhí ann anuraidh, ba mhaith linn siúlóid eile a eagrú i mbliana chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh.
Ar an 12ú Márta, beidh siúlóid againn arís i nGleann Bheatha, ach an t-am seo, siúlfaidh muid an chonair darb ainm ‘An Cosán Marcaíochta’. Tosaíonn an tsiúlóid seo ag barr an ghleanna, sula sroicheann muid an Caisleán is na gairdíní, agus ina dhiaidh sin, críochnóidh an turas ag an ionad cuairteoirí.
Chun slua a mhealladh, beidh bus ag imeacht ar 12 i.n. ó Leitir Ceanainn go barr an Cosán Marcaíochta, agus ar ais arís ón pháirc náisiúnta go Leitir Ceanainn i ndiaidh na siúlóide. Toisc go bhfuil spásanna teoranta ar an bhus áfach, caithfidh daoine foirm bheag a líonadh amach roimh ré (ag an nasc seo: https://forms.gle/WBoU3XiQxkYs52bTA).
Más rud é go bhfuil socruithe taistil ag daoine cheana féin, is féidir leo bualadh linn ag barr an chnoic ar 12:45. Siúlóid 11km atá i gceist leis ar an iomlán, agus beidh muid ag stopadh ag Caisleán Ghleann Bheatha chun sos beag a ghlacadh, amharc ar áilleacht na háite, agus sólaistí deasa a fháil sa chaifé.
Ar ndóigh, beidh Gaeilge lárnach san imeacht, ach cuirfidh muid fearadh na fáilte roimh chách - foghlaimeoirí, daoine le Gaeilge líofa, agus achan duine a bheidh toilteanach iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt.