
Siúlóid Treoraite ar an Sliabh Dubh trí Ghaeilge
Siúlóid Treoraite ar an Sliabh Dubh trí Ghaeilge
@ Caifé an tSleibhe Dhuibh
Seachtain na Gaeilge le Energia Spórt agus SláinteBeidh turas treoraithe ar an Sliabh Dubh ag titim amach Domhnach 11ú Lúnasa. Beidh an t-imeacht seo á reachtáil trí Ghaeilge agus fáilteofar roimh fhoghlaimeoirí fosta. Maireann sé suas go dhá uair a chloig.
Beidh an turas ag toiseacht ag Caifé an tSleibhe Dhuibh ag 1pm.
Iarrtar ort brógaí oiriúnacha a chaitheamh agus éadaí fearthainne a thabhairt leat, mar aon le neart uisce. Is siúlóid eadrom í seo, atá oiriúnach do chách. Beifear ag cloí le cosáin an tsleibhe do thromlach na siúlóide, ach beidh píosaí beaga ann ina mbeifear ag imeacht ar seachrán anseo is ansiúd.
Tá an tsiúlóid seo á reachtáil ag Fís an Phobail i gcomhar le Conradh na Gaeilge, mar chuid de thionscadal úr Gaeilge ar an Sliabh Dubh i gcomhpháirt leis an National Trust.
Tá an t-imeacht seo mar chuid d'Fhéile an Phobail 2024.