
Snámh don Phalaistín
Snámh don Phalaistín
@ Baile Brigín
Ciste Spreagtha Siamsaíocht Agus Ealaín Spórt agus SláinteThar dhá lá ar an 12 agus 13 Aibreán 2025, beidh 50 Gael as gach cearn den tír ag bailiú le chéile le tabhairt faoi dhúshlán snámha atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge chun airgead a thiomsú do Aclaí Palestine , croí-thionscadal den Lajee Centre i gcampa teifeach Aida, sa Bhruach Thiar i gCríocha Gafa na Palaistíne: ag tosnú go moch ar maidin i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath, rachaidh an grúpa tuathal timpeall na tíre ag snámh san fharraige i ngach contae in Éirinn atá suite ar an gcósta.
Rachaidh an t-airgead ar fad a thiomsaítear ón bhfeachtas seo chuig ACLAÍ Palestine sa Lajee Center.
Bígí Linn: cnag.ie/snamh
nó Tacaigh Linn: idonate.ie/snamh25