
Tionól 3ú Leibhéal
Tionól 3ú Leibhéal
@ Óstán Clayton Whites
Ceol Léacht nó Caint Siamsaíocht Agus EalaínBeidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2025 ar siúl i mBaile Loch Garman san óstán Clayton Whites ón 21-23 Feabhra 2025.
Is í an Ard-Fheis mór imeacht na bliana i bhFéilire an Chonartha. Tá na Cumainn Ghaelacha i measc na gcraobhacha is mó, is gníomhaí agus is fuinniúla san eagraíocht. Tugann an Ard-Fheis deis do na Cumainn Gaelacha glór a bheith acu san eagraíocht. Más spéis leat freastal ar an Ard-fheis le do thoil bí i dteagmháil le cathaoirleach do Chumann Gaelach, nó seol rphost chugainn ag tionol3u@cnag.ie