Tionól Gaeilge UCD (Scoil Samhraidh do Dhaoine Fásta)
Tionól Gaeilge UCD (Scoil Samhraidh do Dhaoine Fásta)
@ An Coláiste Ollscoile, BÁC
Féile Siamsaíocht Agus EalaínBeidh Tionol Gaeilge UCD, Scoil Samhraidh do dhaoine fásta á reachtáil don 6u uair, 26-30 Meitheamh 2023 ar champas UCD Belfield .
Tá ráta speisialta do mhocóirí ar fáil go dtí 24 Feabhra 2023: https://www.ucd.ie/irish/ga/teanga/scoilsamhraidhidirnaisiunta/
Beidh ranganna teanga ar siúl gach lá, Luan go hAoine 09.00am-1.00pm ( ranganna ag 5 leibhéal) leis an mbéim ar an dteanga labartha.
Beidh léachtaí ar siúl tar éis lóin 2.30-4.30pm, ina ndíeofar ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach ( le rogha ag rannpháirithe gach léacht a chlos i nGaeilge nó i mBéarla).
Beidh imeachtaí cultúrtha ar siúl gach tráthnóna.
Beidh lóistín B&B 5 oíche ar fáil ar champas, Domhnach go hAoine; in árasáin nua-aimseartha na mac léinn ( le rogha nua bricfeasta in 2023 i gClub nua na hOllscoile). Bíonn bialann na mac léinn ar fáil do rannpháirtithe i rith an lae.
Eagríonn Gaeltacht UCD an Tionól seo i gcomhar leis an eagraíocht Gaelchultúr agus tugtar cuireadh do shaineolaithe de chuid UCD agus de chuid saol na Gaeilge in Éireann a bheith mar aoichainteoirí.
An rud is deise faoin dTionól seo, taobh amuigh den chaighdéan ard teanga agus múinteoireachta ná an deis do rannpháirtithe a ngreasáin de chainteoirí Gaeilge a leathnú. Bíonn atmasféár sóisialta ann agus meascán iontach daoine idir Éireannaigh agus lucht idirnáisiúnta a fhilleanan ar an dTionól bliain i ndiaidh bliana.
Bíonn páirceál saor in aisce ar champas le linn tréimhse an Tionóil, agus rogha maith de bhuasanna.