Tús maith: ranganna Gaeilge do thuismitheoirí/caomhnóirí
Tús maith: ranganna Gaeilge do thuismitheoirí/caomhnóirí
Ar líne RangLeibhéal 1 – Daoine a bhfuil an cúpla focal acu
Oiriúnach do dhaoine nach bhfuil ach cúpla focal Gaeilge acu
Leibhéal 2 – Tosaitheoirí
Oiriúnach do dhaoine nár fhoghlaim an Ghaeilge riamh
Sosfaidh muid don sos lár téarma
Ar fáil ar Zoom
Is pacáiste acmhainní agus seirbhísí é an scéim nua seo, “Tús Maith” chun tacú le tuismitheoirí/caomhnóirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena bpáistí. Cuirfimid ocht gceardlann/rang Gaeilge ar fáil do thuismitheoirí/caomhnóirí a bhfuil páistí óga (suas go rang a dó) acu atá ag freastal ar Ghaelscoil i gContae Chill Dara nó ar bhunscoil nó réamhscoil i Nás na Ríogh nó sna Solláin. Beidh na ranganna/ceardlanna idirghníomhach agus mairfidh gach rang/ceardlann uair a chloig. Cláraigh thíos.
Level 1 – People with “cúpla focal”
Suitable for people who only have a few words of Irish
Level 2 – Complete beginners
Suitable for people who have never studied Irish
We will take a break for the midterm break
Available on Zoom
This new scheme is a package of resources and services to support parents/guardians who wish to speak Irish to their children. We will provide eight Irish language workshops/classes for parents/guardians with young children (up to second class) attending a Gaelscoil in County Kildare or any primary school or pre-school in the Naas and Sallins area. The classes/workshops will be interactive and will last an hour. Register below.