Cearnóg Pharnell Thiar, Baile Átha Cliath, Contae Átha Cliath, Cúige Laighean, Éire, D01 R243
Is cainteoir dúchais í Nóra Ní Bhaoill a rugadh agus a tógadh i nGaoth Dobhair. Bhunaigh sí an Dublin Diathermy Clinic & Beauty Salon beagnach 30 bliain ó shin. Cuireann sí réimse leathan de sheirbhísí ar fáil ó thaobh cúrsaí áille de agus tá sí cáilithe fosta mar choslia. Í féin amháin a bhíonn ag obair sa ghnó agus mar sin is féidir leat a bheith cinnte de gurb i nGaeilge a bheidh an chumarsáid. Déan teagmháil le do thoil le coinne a dhéanamh nó le heolas a fháil faoi na seirbhísí atá ar fáil sa ghnó.