Tá muid suite ar An Charraig, i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall. Tá ár gcróiche istigh ins an cheanntar seo – áit a bhfuil cuid de na radharcanna is deise ar domhan le feiceáil. Tá saibhreas cultúra, teanga agus ceol traidisiúnta anseo, agus tá muintir na háite fáilteach agus cairdiúil.
Cuireann Ireland by Bike laethanta saoire féin-threoraithe (rothair agus siúlóide) ar fáil ins an cheanntar seo agus tríd áiteanna eile ar fud Chontae Dhún na nGall. Le cúpla bliain anuas tá muid ag ofráil turas rothar féin-threoraithe ar Bhealach Cósta Chlochán an Aifir.
Tá Gaeilge ag Nóra Uí Ghallachóir, an t-úinéir.
🥇Bonn Óir sa...
Gluaisteán
KD Autoparts
Eastát Tionscail an Bhaile Bháin, Gallimh, H91 E5Y8
Tá siopa againn ar an mBaile Bán, (Ballybane Industrial Estate. Díolaimid páirteanna do gach uile charr. Tá seirbhís trí Ghaeilge ar fáil anseo agus tá seirbhís seachadta ar fáil chomh maith. Táimid an-bhródúil a bheith ainmnithe mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2022. Tá KD Autoparts tiomanta d'úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm againn seirbhís Ghaeilge d'ardchaighdeáin a chur ar fáil dár gcustaiméirí.
Marley Coach Hire Ltd
R253, Gort an Easa, An Clochán
Tá muid ábalta ár ngnó ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Clúdaíonn sé sin cumarsáid scríofa agus béil.