Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Oideachas

Áiseanna na hÓige Teo

Áiseanna na hÓige Teo

Tá naíonra, montessori agus naíonlann mar aon le seirbhís iarscoile agus 'Club Obair Bhaile' ar fáil. Cuirtear cúrsaí éagsúla agus grúpaí tacaíochta ar fáil don bpobal.
An Foras Pátrúnachta

An Foras Pátrúnachta

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil rogha éiteas acu. Cuireann an eagraíocht seirbhísí bainistíochta agus eile ar fáil do na scoileanna sin. Is mian linn gaelscolaíocht a fhás ag an dá leibhéal ar fud na tíre.
An Siopa Leabhar

An Siopa Leabhar

Tá An Siopa Leabhar lonnaithe in 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2, agus táimid ag díol leabhar Gaeilge ó 1975.
An t-Ionad Fíona The Wine Center

An t-Ionad Fíona The Wine Center

Ionad Fíona suite i nDoire - Tig leat do ghnó a dhéanamh ar líne ag www.AbsoluteOrganicWine.com nó do Ghaeilge a usáid san ionad. Beidh fáilte romhat!
An tOireachtas

An tOireachtas

Is ceanneagraíocht anois é Oireachtas na Gaeilge atá tiomanta do chruthú dheiseanna úsáidte Gaeilge agus do bhunú gréasáin úsáidte Gaeilge. Bunaíodh Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1897 le hardán a thabhairt do na healaíona traidisiúnta Gaeilge. Tháinig fás agus forbairt ar an Oireachtas ó shin agus tá sé go mór faoi bhláth le blianta beaga anuas. Reáchtálann Oireachtas na Gaeilge féilire leathan imeachtaí, ina n-áirítear Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus mórócáid na féile, Oireachtas na Samhna.
Áras Chrónáin Ionad Cultúir

Áras Chrónáin Ionad Cultúir

Is ionad cultúir agus Gaeilge í Áras Chrónáin, Is teanga cumarsáid agus gnó é an Ghaeilge, tuigeann agus labhraíonn muid Béarla chomh maith.
Áras na nGael

Áras na nGael

Is é Áras na nGael ceanncheathrú ghluaiseacht dheonach na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe agus é ar oscailt ó cheann ceann na bliana ó mhaidin go hoíche. Tugann breis agus 10,000 duine cuairt ar an Áras le linn na bliana agus tá breis is 25 grúpa ag baint úsáide as an Áras. Cuirtear fáilte roimh dhaoine aonair, ghrúpaí nó eagraíochtaí gur mian leo úsáid a bhaint as na háiseanna atá ar fáil. Is libhse an t-Áras.
Barr Feabhais Teo.

Barr Feabhais Teo.

Is gnó muid a chuireann réimsí leathan seirbhísí ar fáil daofa siúd atá ag obair leis an Ghaeilge, leis an Oideachas nó leis an Phobal. Seo na seirbhísí a chuireann muid ar fáil: Scoileanna:  Seirbhísí do mhúinteoirí i múnlú agus i saibhriú teanga, seirbhísí tacaíochta do dhaltaí lena meabhairshláinte agus lena scileanna cumarsáide feidhmiúcháin, seirbhísí do bhoird ghobharnóirí/bhainistíochta a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus le forbairt na scoile. Eagraíochtaí, Comhlachtaí  Ranna/Forais Rialtais: Tiontú teanga, eagarthóireacht chriticiúil ⁊ léamh profaí; pleananna corparáideacha ⁊ tuarascálacha; comhairliúcháin ⁊ staidéir indéantachta; foirmeacha maoinithe agus pleanáil straitéiseach. An Duine Aonair: Foirmeacha iarratais, CV-nna, scileanna agallóireachta.
Branar

Branar

Cuireann muid romhainn téatar do pháistí a cruthú atá simplí ach snasta, a léiríonn smaointe casta tríd leas cruthaitheach a bhaint as méid bheag acmhainne amharclainne. Téatar a spreagann feith na samhlaíochta sa lucht féachanna agus ag an am céanna a thugann dúshlán dóibh. Téatar a osclaíonn idirphlé lenár lucht féachana agus a sholáthraíonn catalíoch don oideachais. Is Comhlacht óg é Branar atá tar éis obair d’ard chaighdeán a chrothú agus a sholáthair le trí bhliaina déag anuas, idir ceardlanna agus léirithe téatar. Cruthaíonn muid saothar atá insroichte, ábartha agus dúshlánach do lucht féachana óg. Feidhmníonn na drámaí mar catalaíocht...
Cainteoirí Chill Mhantáin

Cainteoirí Chill Mhantáin

Grúpa pobail a chuireann ranganna Gaeilge agus imeachtaí sóisialta ar fáil i mBaile Chill Mhantáin. Fáilte roimh chách!
Coimisiún Fulbright na hÉireann

Coimisiún Fulbright na hÉireann

Tá an Coimisiún Fulbright ar cheann de na cláir idirnáisiúnta is mó clú ar domhan. Cuirtear seirbhís Ghaeilge ar fáil maidir le dámhachtaithe a fhéidir a bhaint amach maidir le staidéar, taighde nó teagasc a dhéanamh sna Stáit Aontaithe agus maidir le scoláireachtaí Gaeltachta do Mheiriceánaigh.
Coláiste Aoidh Mhic Bhricne - Teileann

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne - Teileann

Coláiste Samhraidh Gaeltachta a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine óga gach bliain.
Coláiste Chara

Coláiste Chara

Is coláiste Gaeilge é Coláiste Chara, a eagraíonn cúrsaí Samhraidh do dhaltai scoile. Eagraítear cúrsa ag an Cháisc chomh maith, dírithe orthu siúd atá ag tabhairt faoi scrúdaithe Stáit.
Coláiste na bhFiann

Coláiste na bhFiann

Cúrsaí Samhraidh - Cúrsaí A lonnaithe i Ros Muc, Co. na Gaillimhe & Cúrsaí B lonnaithe i Droim Rí (coláiste conaithe) Ráth Chairn, & Gaoth Dobhair. Gach eolas maidir le cúrsaí le fáil ar an suíomh idirlíon nó trí ríomhphost nó gloach orainn san oifig.
Coláiste na Rinne

Coláiste na Rinne

Cuireann Coláiste na Rinne cúrsaí Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha ar fáil d’fhoghlaimeóirí agus cuairteoirí de gach aois ó gach áit ar domhan. Tá clú agus cáil bainte amach ag a bhunscoil chónaitheach, Scoil na Leanaí, do dhaltaí 10 go 13, ag a chúrsaí samhraidh do dhaltaí 10 go 18 agus ag a ionad oideachais 25 acra a chuireann áiseanna ar fáil do ghrúpaí agus eagraíochtaí atá ag cothú agus ag forbairt na Gaeilge.
Coláiste Pobail Osraí

Coláiste Pobail Osraí

Is pobal foghlama é Coláiste Pobail Osraí a bhíonn ar thóir ardchaighdeán oideachais trí Ghaeilge a bhaint amach i gcomhthéacs a chothaíonn féinmhuinín agus chomh-mheas. Tugtar faoi dhúshlan an oideachais ar bhonn tacúil a spreagann buanna uile na ndaltaí. I gColáiste Pobail Osraí cothaítear mórtas as an bhféiniúlacht Éireannach idir spórt agus cheol agus eile maraon le meas ar an teanga féin agus ar shaibhreas an chultúir thraidisiúnta. Aithnítear dinít agus ról an uile dhuine i gcomhthéacs an phairtinéireachais oideachasúil. Tugtar aird ar an spioradáltacht, ar scileanna idirphearsanta agus cumarsáide in atmaisféar dearfach oscailte. Spreagtar misneach agus léirítear bród i...
Comhairle na Gaelscolaíochta

Comhairle na Gaelscolaíochta

An foras ionadaíoch thar ceann na Gaelscolaíochta in Éirinn ó thuaidh.
Conradh na Gaeilge Bheirlín

Conradh na Gaeilge Bheirlín

Seo grúpa do chraobh Chonradh na Gaeilge i mBeirlín. Craobh is ea é seo d'Éireannaigh atá ina gcónaí i mBeirlín a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus do Ghearmáinigh agus daoine ó thíortha eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Eagraíonn an chraobh i mBerlin cruinnithe inar féidir le baill bualadh le chéile agus an teanga a labhairt le chéile, imeachtaí áirithe agus baint acu le cur chun cinn na teanga ar ndóigh. Má tá Gaeilgeoirí ag teacht chuig Beirlín agus ceisteanna acu mar gheall ar an gcathair nó má tá fonn orthu teach chuig na cruinnithe, is...
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain

Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain

Is foirgneamh mór ceithre theach / trí stóras é Áras Mhic Reachtain ar bhóthar Aontroma i dTuaisceart Bhéal Feirste. Tá an tÁras ag feidhmiú mar lárionad Gaeilge, áit a bhfuil go leor spáis chun áiseanna a chur ar fáil, chun fiontair nua Ghaeilge a fhorbairt agus spáis oifige nó seomraí oiliúna a chur ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge eile. Anuas ar sin, cuireann muid scoth na siamsaíochta ó gach aird den tír ar siúl go míosúil i mBarr a’ Tí; ceolchoirmeacha, céilithe, seoltaí dlúthdhíosca, ceardlanna amhránaíochta agus drámaí san áireamh.
Feachtas - Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

Feachtas - Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

Is Óg-eagraíocht Ghaeilge í Feachtas a bunaíodh i 1980. Cuspóirí an eagrais ná: a) An Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga. b) Cuidiú le forbairt phearsanta is sóisialta an duine óig. c) Cuidiú chun chomhluadar Gaelach a thógáil. Céard a dhéanann Feachtas? Clubanna Óige: Eagraíonn Feachtas clubanna óige trí Ghaeilge do dhaoine óga. Tá sé mar aidhm againn an féinriar agus an fhorbairt phearsanta a chur chun cinn i measc bhaill ár gclubanna. Cuireann na clubanna óige ceardlanna eagsúla ar fáil agus glacann muid páirt i saol na Gaeilge. Tugann muid cuidiú chun clubanna óige a bhunú...
FEICIM Inis Oírr

FEICIM Inis Oírr

Cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta ar Inis Oírr, Oileáin Árann - ag spraoi le Gaeilge! Cúrsaí Gaeilge do Ghnóthaí ag cuidiú leo seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Gaeilge agus Grá: Deiseanna do Ghaelgóirí singil castáil ar Ghaelgóirí singil eile. Cuireann muid cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta ar fail in Inis Oírr, an t-oileán is lú de na hOileáin Árainn. Is meascán de ranganna comhrá agus gníomhaíochtaí san iarnóin trí Ghaeilge iad na cúrsaí seo. Cuid de na gníomhaíochtaí a cuireadh ar siúl cheana ná: siúlóidí, snámh, damhsa agus amhránaíocht sean-nóis, iscaireacht chois fharraige, turais bháid, ceardaíocht, taispeántais scannán...
Gaeilge Bheo

Gaeilge Bheo

Is minic go ndéanaimid diúltiú ar smaoineamh gan chúis ach nár thaitin fuaim an ghutha a d’fhogair é linn. Tá an-chuid smaoinimh romhainn maidir le todhchaí ár dteanga. Tá neart oibre á déanamh i dtaobh ghramadach agus stádas na teanga ach tá guth an ghnáth ciúin. Is beag atá á scríobh nó á léamh againn agus, is mian le Gaeilge Bheo níos mó scríbhneoireachta a spreagadh inár measc. Ar an suíomh againn beimid ag foilsiú agus ag díol úr-scríbhneoireachta de gach saghas. Le teacht an fhoilseacháin leictreonaigh, is féidir le údar ar bith tuarastal a fháil ar a shaothar féin....
Gael Linn

Gael Linn

Is í príomhaidhm na heagraíochta ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimsí polasaí agus pobail, mar theanga bheo. Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tácú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta. Tá Gael Linn ar cheann den sé cheanneagraíocht atá aitheanta ag Foras na Gaeilge san earnáil dheonach. Sa chomhthéacs sin, is iad na mór-réimsí oibre ná: Oideachas in Earnáil an Bhéarla agus d’Aosaigh, agus Deiseanna Úsáide do Dhaltaí Scoile. Cuireann Gael Linn cursai Gaeilge ar fail do dhaoine óga...
Gaelteanga

Gaelteanga

Cuireann Gaelteanga na cúrsaí Gaeilge is fearr ar fáil do dhaoine fásta, ó bhonnleibhéal go hardleibhéal, a bhfuil teacht orthu áit ar bith ar líne. Sin gealltanas! Tá Éamonn Ó Dónaill i dtús cadhnaíochta maidir le hábhar teagaisc agus foghlama a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge agus is é d’fhorbair an t-ábhar go léir a úsáideann Gaelteanga. Tá Éamonn ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta ó bhí 1981 ann agus tá go leor leabhair mhór-ráchairte scríofa aige d’fhoghlaimeoirí.
Glór na nGael

Glór na nGael

Ag forbairt na Gaeilge i gcúrsaí pobail, teaghlaigh & gnó
Ionad Cúram Leanaí Ráth Chairn

Ionad Cúram Leanaí Ráth Chairn

Ionad Cúram Leanaí - Naíolann agus Naíonra, Club Iarscoile, ag freastal ar pháistí ó 0- 5+. Gach eolas ar fáil ach glaoch orainn.
Ionad Naomh Pádraig

Ionad Naomh Pádraig

Is coiste deonach iad coiste stiúrtha an Ionaid, mar atá Coiste Forbartha Dhobhair atá ag saothrú leo go beo bisiúil ar mhaithe le pobal na háite. Bíonn mórtas cine 's ceantair i gcroí lár a gcuid iarrachtaí uilig agus iad i mbun a gcuid oibre ag éisteacht le agus ag gníomhú ar son baill uilig an phobail, chun go mbeadh deis ag achan duine, idir leanbh 's liath, sult agus pléisiúr a bhaint as saol na Gaeltachta agus as an réimhse leathan imeachtaí sóisialta, cúltartha agus oideachasúil a chuirtear ar fáil díofa in Ionad Naomh Pádraig.
Little Sunflowers Crèche

Little Sunflowers Crèche

Nuair atá na páistí ag foglaim bíonn na múinteoirí sa naíonlann ag labhairt leo as Gaeilge ionas go mbeadh siad ag éisteacht le Gaeilge agus á foghlaim.
Maratacht

Maratacht

Campa Samhraidh cónaithe do dhéagóirí ar Oileán Chléire, an oileán is sia ó dheas in Éirinn.
Dírithe ar chúrsaí mara agus Gaolainne go h-áirithe beidh currachóireacht, snámh fé thoinn, seascéaslóireacht, iascaireacht srl gach lá chomh maith le obair taighde ar an dtrá, fé cúrsaí staire / tír éolas Chléire le fillteán tionscadail úathiúil ag gach rannpáirtithe ag deireadh seachtaine.
Nascaithe go díreach leis an curaclam Eolaíocht, Stair & Tír Éolas sa dara léibhéil agus UN SDGs 13, 14 & 15.
Lóistín, bia, taisteal ar an mbád farantóireacht agus gach trealamh ar fáil.
Campaí cónaithe - maratacht.ie
Grúpaí / Scoileanna -...




MF Learning/Seirbhísí Foghlama 🥇

MF Learning/Seirbhísí Foghlama 🥇

Is seirbhís neamhspleách foghlama Gaeilge muid atá lonnaithe in Éirinn.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022
Mol an Óige

Mol an Óige

Pinn, pinn luaidhe, greamáin, notaí, stampaí, suaitheantais, rialoirí, marcoirí leabhar, earraí pearsanta agus i bhfad nios mó
Muineachán le Gaeilge

Muineachán le Gaeilge

Cúlra

Eagraíonn Muineachán le Gaeilge imeachtaí sóisialta, imeachtaí teaghlaigh, ranganna Gaeilge, campaí óige agus go leor eile nach iad sa chontae. Anuas air sin, tugann Muineachán le Gaeilge tacaíocht do ghrúpaí pobail, clubanna, cumainn, scoileanna agus gnóthaí atá ag iarraidh imeachtaí a chur ar fáil / seirbhísí a sholáthar as Gaeilge sa chontae. Más spéis leat tuilleadh eolais a fháil amach fúinn, déan teagmháil linn ag eolas@mlg.ie

Teagmháil

Suíomh: https://www.facebook.com/muineachan/
Fón: +353 47 71408
Ríomhphoist: eolas.mlg@cnag.ie

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.

Músaem Chorca Dhuibhne

Músaem Chorca Dhuibhne

Cuireann Músaem Chorca Dhuibhne taispeántais faoi oidhreacht shaibhir nádúrtha agus cultúrtha Leithinis an Daingin ar fáil chomh maith le taispeántais iasachta eile. Is féidir eolas a fháil uainn freisin faoi shiúlóidí agus suíomhanna sa cheantar ar fiú cuairt a thabhairt orthu, agus gníomhaíochtaí eile atá ar fáil in Iarthar Chiarraí. Tá caifé agus siopa leabhar, le cártaí agus bronntanais bheaga a rinneadh sa cheantar, sa mhúsaem freisin.
Ógras

Ógras

Misean Ógras: - An Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail trí spás agus deis a sholáthar do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid ar bhonn compordach mar chuid de phobal labhartha Gaeilge. - Clár oibre don aos óg a sholáthar trí mheán na Gaeilge atá beo, ilchineálach agus pleanáilte agus a spreagann smaointeoireacht chruthaitheach, spreagadh féin-mhuiníne, forbairt shóisialta agus forbairt teanga trí ghníomhaíochtaí spraoi, spóirt, cultúrtha agus caitheamh aimsire. - Cur ar chumas dhaoine óga a bheith muiníneach an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil. Chun an fhís seo a fhíorú cuireann Ógras timpeallacht sábháilte ar fáil do...
Oideas Gael 🥇

Oideas Gael 🥇

Bunaíodh Oideas Gael i 1984 agus tá na céadta duine, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, ag teacht go Gleann Cholm Cille ó shin le freastal ar a gcuid cúrsaí Gaeilge agus cláir chultúrtha. Tá Foras Cultúir Uladh ina láthair d’imeachtaí Oideas Gael, áit ina bhfuil siopa earraí Gaeilge agus caifé chomh maith le ranganna Gaeilge, ceoil agus damhsa. Tá sé mar sprioc ag Oideas Gael freastal ar dhaoine fásta maidir le foghlaim, cleachtadh agus feabhsú na Gaeilge
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022

Teagmháil

Uimhir fóin: +353 (0)74 9730248
Ríomhphost: oifig@oideasgael.ie
Suíomh: oideasgael.ie...


Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

Tá Oifig na Gaeilge ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i measc na foirne agus i measc na mac léinn (mar aon le naisc a chruthú leis an bpobal mór). Bíonn an tOifigeach Gaeilge ag obair le Coiste na Gaeilge chun an aidhm seo a bhaint amach. Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil d'údaráis agus do phobal na hollscoile mar gheall ar an Acht Teanga, agus soláthraíonn an Oifig seirbhís aistriúcháin Gaeilge do bhaill foirne. Chomh maith leis sin, tá an cúram ar an Oifig scéimeanna cónaithe Gaeilge na...
Sárscoil Fíbín

Sárscoil Fíbín

Is dianchúrsa aisteoireachta é Sárscoil Fíbín do dhaoine óga idir 15-17 bliain d’aois ó cheantair Ghaeltachta agus Ghalltachta ó thuaidh agus ó dheas den teorainn. Cúrsa cónaitheach coicíse atá ann agus cé nach cúrsa Gaeilge é déanann muid a gcuid oibre ar fad trí mheán na Gaeilge. Cuireadh tús leis an Sárscoil i mí Iúil 2011 agus seo é an séú bliain as a chéile a bheidh muid ag reáchtáil na sárscoile. Más spéis leat taithí aisteoireachta/drámaíochta a fhoghlaim seo é an cúrsa duit!! Ní hamháin go mbeidh deis ag scoláirí snas a chur ar a gcuid Gaeilge ach cuirfear...
Seachtain na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Bíonn an fhéile ar siúl ón 1ú-17ú Márta gach bliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa. Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon...
SingFónaic

SingFónaic

Is clár uathúil fónaice ar líne í SingFónaic atá deartha le haghaidh páistí scoile chun tacú leo na bunfhuaimeanna Gaeilge a fhoghlaim.
StudyBase

StudyBase

Cruthaíodh Studybase sa bhliain 2007. Ba é an tUasal Breandán de Róiste, Gaeilgeoir, iar-oide, aistritheoir agus teangeolaí a chur tús leis an suíomh. An fhís a bhí i gceist ná, láithreán idirghníomhach agus árdán inrochtana a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge.
Cailleadh Breandán sa bhliain 2020 ach maireann a aisling beo fós.
Thug a iníon, Caitríona, múinteoir Gaeilge agus cruthaitheoir ábhair, an suíomh chun beocht arís sa bhliain 2021 agus ba mhaith leí a buíochas a ghabháil leo siúd a thacaí leí é seo a bhaint amach. (Is gá Eugene Peelo agus Ciaran O'Connell a ainmniú ach go háirithe-...

Turas

Turas

Is grúpa muid a chuireann an Ghaeilge chun cinn anseo in Oirthear Bhéal Feirste fríd ranganna teanga, tionscadail staire agus cultúir, agus imeachtaí sóisialta. Tá muid ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid mar mhodh athmhuintearais, agus a thaispeáint gur le gach duine í. Tá dhá shuíomh againn https://www.ebm.org.uk/turas/ agus  https://www.cairdeturas.com/