Is é Aerfort Dhún na nGall tairseach chuig Iarthuaisceart na hÉireann agus chuig Bealach an Atlantaigh Fhiáin! 🥈Bonn Airgid sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022
Is idir Sliabh Bhreandáin (an dara sliabh is airde in Éirinn) agus Slí an Atlantaigh Fhiáin a shuíonn ár dteach tuaithe, áit a bhfaighfidh tú seomra le radharc álainn agus fíorbhlas de thraidisiúin na hÉireann i ngach slí. Déantar béilí iontacha blasta chuile lá dár n-aíonna, ag úsáid táirgí úra is áitiúla an tséasúir. Is leor boladh na scónaí agus an bhuilín aráin úir chun tú a chur i do dhúiseacht go héasca go moch ar maidin.
Bungalow near town on the N69 Listowel/Ballbunion Rd. All rooms ensuite with private Garden and private Parking. Failte Ireland approved. For enquiries contact 068-21515 or arasmhuire@gmail.com
Tá Ard Eoinín suite go lárnach, 5 nóiméad ag siúl ó lárbhaile an Spidéil. Is ensuite iad ár gcuid seomraí ar fad. Táimid suite 5 nóim ó shiopaí, pubanna, bialanna, banc, trá, an Cheardlann, grugaire agus séipéal. Páirceál saor in aisce. Bricfeasta San áireamh. Is feidir do ghnó a dheanamh i nGaeilge.
Fáilte chuig an teach lóistín is faide siar ó dheas in Éirinn! Más suim libh bhur scíth a ligean linne, cuirfear fáilte is fiche romhaibh, gheobhaidh sibh tae nó caife agus cístí ar theacht daoibh, blaisfidh sibh bricfeasta den scoth gach maidin agus beidh codladh breá agaibh ar leapacha compordacha! Tá an tigh cláraithe le Fáilte Ireland le 3*. Éalaigh ó bhuarthaí an tsaoil agus bain sult as draíocht an Oileáin inár dteannta!
Nuair is féidir linn, cuirfidh muid seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ar an bhfón, trí ríomhphost nó ag an deasc fáiltithe. Is duine as Gaeltacht Chonamara a chuirfidh an t-seirbhís ar fáil má bhíonn sí i láthair.
Is bialann aitheanta muid i gcroílár na Gaeltachta in iarthar Dhún na nGall, a bhfuil go leor duaiseanna buaite againn. Tá bia mara agus feoil áitiúil den scoth ar fáil ar an gclár, agus cuirfear céad míle failte romhat i gcónaí. Bíonn lóistín ár fáil uainn freisin. 🥈Bonn Airgid sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022
Tá Brú na Gráige i gceart lár Gaeltacht Chiarraí, dha mhíle déag siar ón nDaingean in aice le Dún Chaoin a chur ar chíos d'éinne atá sásta an Ghaeilge atá acu a labhairt lastigh den Bhrú agus timpeall na háite. I láthair na huaire tá slí do 20 duine sa Bhrú. Tá trá gainimh deich neomaid ón mBrú. Gach eolas ó Diarmaid Ó Creimin nó Tomás Ó Murchú, 021 4771710/087 2903913
Tá an-fhás tagtha ar Busfeda ó chuireadh tús leis an gcomhlacht sna seascaidí. Tá an-tóir ar ár gcuid seirbhísí agus bíonn muid i gcónaí ag déanamh ár ndícheall dár gcustaiméirí. 🥈Bonn Airgid sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022
Is teach cairdiúil é Fitzgerald's Dingle Heights B&B a bhreathnaíonn amach ar chuan mórga agus port an Daingin. Cuireann Bridie Fitzgerland agus a clann fáilte mhór roimh chairde agus déanann siad cinnte go gcuirtear aíonna ar a gcompord. Tar agus faigh amach duit féin!
Thuas staighre tá 3 sheomra; seomra 1 agus seomra 2 - mór le leaba singil agus dúbáilte. Tá cistin bheag self-service ann chomh maith agus bricfeasta. €35 an duine. Táimid suite an-ghearr do Cathair na Mart agus thart ar 10 nóiméad ó Chruach Phádraig.
Lóistín Leaba & Bricfeasta trí mheán na Gaeilge. Beidh fáilte chroíúil dóibh siúd gur mian leo saoire taitneamhach a bheith acu sa Ghaetacht in Imeall Na Mara.
Tá Inis Meáin Restaurant and Suites ina shuíomh uathúil suite ar Inis Meáin, ceann de thrí Oileán Árainn. Baineann an Bialann, ina bhfuil cáil domhanda agus gradaim bainte amach aige úsáid as có-ábhair ón oileán den chuid is mó. Ina measc, gliomacha agus portáin a ghabhann iascairí áitiúla i gcurrachaí, agus glasraí a fhástar ar an suíomh ag baint úsáid as feamainn ón gcladach áitiúil mar leasú. Tá chúig seomra só le fanacht ann, le fuinneoga leanúnach ar 10 méadar ar fhad i ngach seomra só, agus radharc mór-thimpeall ar Inis Meáin, Cuan na Gaillimhe agus ar Chonnamara. San áireamh...
Tá muid suite ar An Charraig, i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall. Tá ár gcróiche istigh ins an cheanntar seo – áit a bhfuil cuid de na radharcanna is deise ar domhan le feiceáil. Tá saibhreas cultúra, teanga agus ceol traidisiúnta anseo, agus tá muintir na háite fáilteach agus cairdiúil. Cuireann Ireland by Bike laethanta saoire féin-threoraithe (rothair agus siúlóide) ar fáil ins an cheanntar seo agus tríd áiteanna eile ar fud Chontae Dhún na nGall. Le cúpla bliain anuas tá muid ag ofráil turas rothar féin-threoraithe ar Bhealach Cósta Chlochán an Aifir. 🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam...
L&B gearr do Theach Solais an Fhóid Duibh, Gairdíní Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir, in aice le teach tábhairne, gearr do Thobar Naomh Deirbhile. Ainmíodh Cuan an Fhóid Duibh mar an áit is fearr le dul fiáin in Éirinn agus tú i measc go leor tránna agus nádúir.
Is teach é, Teach Hiudai Beag, a bhfuil oidhreacht an chúltúr Ghaelaigh le braithstin go láidir in achan choiscéim da dtug sé, le linn a bheatha atá fós ag análú go láidir. Théid sé i bhfad siar, go dtí an dara leath den naoiú haois déag, is síbín a bhí ann ó thús amá. Bhí dlúthcheangal ag muintir na háite agus iascairí na n-oileán leis an teach tabhairne, rud a thugann go bhfuil oidhreacht shaibhir aige ó thaobh an bhéaloidis de. Tá rian an dúchais agus an chúltúir le braithstin go laidir ó thaobh cruinneas Gaeilge na gcustaiméirí aitiúla...
D’oscail muid doirse Óstán Ceann Sibéal i mí Iúil 2004 agus ó shin i leith tá muid ag cur fáilte roimh chuairteoirí ó gach cearn den domhan. Is gnó teaghlaigh muid agus déanann ár bhfoireann bheag gach iarracht do chuairt a dhéanamh chomh compordach agus chomh suaimhneach agus is féidir.
Faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Mhuintir Rogers atá Óstán Chuan Charna agus i Márta 2020 rinne siad athchóiriú agus uasghrádú forleathan ar an áit. Tá an t-óstán lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gceartlár Ghaeltacht Thiar Chonamara agus tá sé timpeallaithe ag cuid de na radharcanna tíre is breátha in Éirinn, chomh maith le bheith ina bhunáit den scoth le turas a thabhairt ar Réigiún Chonamara. Is feidir gach seirbhís san Óstán a fháil thrí Ghaeilge. Bíonn ár mbialann Ros Liath oscailte le haghaidh dinnéir gach tráthnóna agus scoth an bhia mara áitiúil le fáil ann chomh...
Is páirc tithe so-ghluaiste agus campáil muid i gcroílár Ghaeltacht Chonamara. Tá gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge: Díolacháin tithe so-ghluaiste, Iompar & seribhís na tithe so-ghluaiste agus billí a fháil trí Ghaeilge. Is féidir do ghnó uilig a dhéanamh as Gaeilge linn. Tá páirc campála againn agus is féidir áit a chur in áirithe as Gaeilge freisin!
Tá Tábhairne Leo suite i sráidbhaile Mín na Leice i gcontae Dhún na nGall, lár bhealach idir Cnoc Earagail agus an tAigéan Atlantach. Tá clú agus cáil ar Thábhairne Leo mar ionad ceoil, a mheallann ceoltóirí cáiliúla cosúil le hEnya, Clannad agus Moya Brennan. 🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022
Tá Teach Campbell reáchtáilte ag teaghlach Uí Chailín (Campbell). Tá ár dteach ag soláthar lóistín ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta i gcroílár an pharóiste.
Tabhair cuairt ar Teac Jack agus beidh muid ag ceiliúradh ár dteanga agus traidisiúin le chéile. 🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022
Is gnó teaghlaigh é The Town House Hotel i Nás na Ríogh. D'aistrigh muid roinnt ár mbiachlár go Gaeilge le déanaí. Tá móréilimh ar ár mbiachlár bricfeasta Éireannach agus tá biachláir eile le fáil ar iarratas. Tá áiseanna againn do chruinnithe gnó agus is féidir ár seomraí a úsáid do chóisirí.
Tá Tigh an tSaorsaigh suite i gcroílár sráidbhaile álainn Bhaile an Fheirtéaraigh i nGhaeltacht Chiarraí agus bhí, ó 1870. Is teach tábhairne traidisiúnta Éireannach é chomh maith le B&B, le radharcanna iontacha amach ar Bhéal Bán agus ar chuan Smerwick.
Tá seirbhís bia le fháil do chustaiméirí agus do dhaoine a fhánann linn. Is féidir le méaróga bia a chur ar fáil do bhreis ar 200 sa sheomra ag cúl an tí. Tá ár seomraí teas teolaí agus tá áiseanna en suite go léir acu. Bíonn ceol beo ag an deireadh seachtaine agus cuireann comórtais púil agus piocaire leis an atmaisféar iontach a bhíonn ann.