Cúlra
Bunaíodh Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teoranta sa bhliain 2008 agus táthar ag feidhmiú go gníomhach chun leasa an phobail áitiúil i nGaeltacht Mhúscraí ó shin i leith. Tá sé mar phríomhaidhm ag an gComharchumann seirbhís forbartha pobail a sholáthar don phobal trí chéile chun leasa an cheantair áitiúil, le buanú agus caomhnú na Gaeilge, agus cur chun cinn an traidisiúin i gcroílár a chuid oibre. Tugtar cúnamh agus tacaíocht i dtaobh na Gaeilge go háirithe, ach chomh maith leis sin tugtar cúnamh i dtaobh eolais agus rochtain ar fhoinsí maoinithe, cúrsaí oiliúna, cúnamh le foirmeacha iarratais, bolscaireacht, srl. Teagmháil
Uimhir fóin:...