Amharclann Ghaoth Dobhair 🥇
Is í príomhaidhm na hAmharclainne ná an Ghaeilge, an cultúr agus na healaíona a chothú agus a chaomhnú.
Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann.
Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil, leitheadach seo.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022
The Amharclann aims to nurture and preserve the Irish language, culture and arts.
We are the only Irish language theatre in the country that is situated in the heart of the Gaeltacht. Gweedore is a deep well for the Irish language, and this depth and wealth of language contributes to the fact that the local population are particularly talented and creative.
The Amharclann provides an exemplary artistic hub where this unique community can express their creative life.