An Siopa Gaeilge 🥇
Cheap muid An Siopa Gaeilge, atá lonnaithe ar champas Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, mar sheirbhís don fhoghlaimeoir, don mhúinteoir agus do gach duine a bhfuil suim acu i dteanga agus i gcultúr na hÉireann. Tá rogha fhairsing leabharthaí, ábhar ilmheán agus acmhainní teanga againn atá fóirsteanach do na grúpaí seo. Lena chois sin, is iomaí acmhainn atá againn do pháistí, idir leabharthaí agus chluichí.
Díríonn an rogha dlúthdhioscaí ceoil atá againn ar na ceoltóirí iontacha a bhíonn faoi thrácht ag Cairdeas na bhFidiléirí mar aon leo siúd a bhíonn i láthair gach bliain mar chuid den tsraith bhliantúil ceolchoirmeacha samhraidh a bhíonn á reáchtáil ag Oideas Gael.
Anuas ar na hábhair seo, níl sárú ar an oiread cártaí beannachta dátheangacha atá sa tSiopa, chomh maith le réimse leathan leabharthaí a bhaineann le stair na hÉireann, leis an tseandálaíocht, leis an cheol nó leis an timpeallacht. Tuigtear fosta go mbíonn An Siopa Gaeilge sásta cuidiú a thabhairt d'aon duine ar mian leo ábhar ealaíne, ábhar cniotála nó earraí lámhdhéanta ón cheantar Ghleann Cholm Cille a fháil.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022
Established by Oideas Gael, An Siopa Gaeilge is located in Gleann Cholm Cille, Co. Donegal. An Siopa contains a selection of books, audiovisual materials and learning resources regarded by Oideas Gael as being of particular interest to the adult Irish language learner as well as teachers. We also carry a wide selection of materials for children and a variety of traditional music resources.
Our selection of traditional music CDs focus, in particular, on those wonderful musicians hosted by Cairdeas na bhFidiléirí as well as those who play each summer in Oideas Gael’s highly-acclaimed concert series.
An Siopa also carries an unsurpassed range of bilingual greeting cards, along with books on Irish history, culture, archaeology, music and the environment. Note too that An Siopa Gaeilge is able to facilitate those interested in purchasing paintings of the area, knitwear and other local handcrafts.