Club na Múinteoirí
Imeachtaí
Ceardlann Guthshláinte
12/03/2025
Tá Cór Duibhlinne an-sásta go mbeidh ab saineolaí guthshláinte Eimear McCarthy Luddy mar aoi speisialta againn ar an 12 Márta. Más ball de chór nó amhránaí tú, fiú más sa chith amháin a bhíonn tú ag canadh, beidh fáilte romhat bheith linn don gCeardlann guthshláinte is amhránaíochta seo i gClub na Múinteoirí, Dé Céadaoin, 12 Márta 7.30 - 8.30 i.n. Binneas agus spraoi a bheidh mar aidhm againn. Beidh caife and comhrá ar fáil tar éis na ceardlainne.