Conradh na Gaeilge
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.
Tá breis agus 180 craobh agus iomaí ball aonair ag Conradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann, agus bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Músclaíonn an eagraíocht uile-oileánda seo pobal na hÉireann, tugann sí tuiscint úrnua dúinn ar ár n-oidhreacht uathúil teanga, agus cothaíonn sí meas ionainn ar an gcultúr Gaelach luachmhar atá againn.
Conradh na Gaeilge is the democratic forum for the Irish-speaking community. The Conradh has over 200 branches and numerous individual members registered around the world, members that work hard to promote the use of Irish in their own areas. Conradh na Gaeilge’s main aim is to promote the use of Irish as the standard language in Ireland. Conradh na Gaeilge was established by Douglas Hyde, Eoin Mac Néill, and their colleagues on the 31st of July 1893.
The organisation runs Irish-language courses; advocates for the language rights of Irish-speakers; raises awareness about the language; hosts the international Irish-language festival Seachtain na Gaeilge le Energia; manages the Irish-language information hub PEIG.ie and the Irish-language bookshop An Siopa Leabhar; supports Raidió Rí-Rá; and much more.