Cultúrlann Uí Chanáin
Amharclann Beár Bia agus Deoch Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin i mí Mheán Fómhair 2009 le hamharclann, caifé, siopa, club óige, agus seomraí léachta agus ranga.Teagmháil
Uimhir fóin: +44 (0)2871 264 132 Suíomh: culturlann.org Ríomhphoist: eolas@culturlann.orgUaireanta Oscailte
Dé Luain - Déardaoin 9:00r.n. - 5:00i.n. Dé hAoine 9:00r.n. - 4:00i.n.An Gaeláras was established in 1983 in two rooms in Wetlands as a branch of Conradh na Gaeilge. The branch was established to provide Irish language classes. The demand was for classes so large that they moved to another building in 1988, where they were tenants until the purchase of 34 James High Street, in 1992.
Cultúrlann Uí Chanáin opened in September Autumn 2009 with theatre, café, shop, youth club, lecture and classroom rooms.
Imeachtaí
Féile na Samhna
28/10/2024
Faigh amach fá fhréamhacha ársa Gaelacha na Samhna an tSamhain seo! Tá muid arís eile ag scaoileadh na fallainge idir an saol seo agus an saol úd eile, le clár d’imeachtaí a amharcann ar fhréamhacha ársa Gaelacha na Samhna an tSamhain seo idir an 28 agus an 31 Deireadh Fómhair! Sna hoícheanta is caoile an scaradh idir an saol seo agus an saol úd eile, bí linn le amharc anonn, agus tar chuig imeacht nó dhó... Tuilleadh eolais
Spooky Tunes
29/10/2024
Má tá tú cróga go leor bí mar chuid dár seisiún ceoil thraidisiúnta, Foinn Scanrúla, faoi stiúir ár bhfoghlaimeoirí ón Acadamh! Agus duais ar fáil don chulaith is fearr a théann le teideal foinn, is fiú a bheith ag seinm. Imeacht é seo atá oscailte do chách. Tuilleadh eolais
Scannán // Film – ‘Bram Stoker agus Dracula
28/10/2024
Beidh Bram Stoker agus Dracula ag amharc ar an saol ar leith a bhí ag Bram Stoker a rugadh i mBaile Átha Cliath. Amharcfaidh an clár fosta ar an tionchar a bhí ag a chúlra Éireannach ar an saothar is mó cáil, Dracula, atá go fóill ar dhuine de na carachtair is aitheanta i litríocht an domhain. Is beag eolais atá ag daoine faoi Bram Stoker in ainneoin na spéise atá ag daoine ar fud an domhain i nDracula agus faoi údar an scéil. Tuilleadh eolais
Scannán // Film – An Taibhse
28/10/2024
Arna léiriú ag Jim Sheridan, a bhfuil sé ainmniúchán Oscar faighte aige, agus arna stiúradh ag John Farrelly a bhfuil gradaim bainte aige, tá An Taibhse ar an chéad scannán uafáis Gaeilge a rinneadh riamh. Is scéal scanrúil é suite i ré mhíshona Ghorta Mór na hÉireann. Tosaíonn Éamon agus a iníon Máire ar ról suaimhneach mar airíoch i dteach mór iargúlta le linn mhíonna crua an gheimhridh. Ach scaoileann a dtasc suaimhneach tromluí ar mhéid osnádúrtha istigh i mballaí an tí mhóir, ag corraí rúin dhorcha ón am a chuaigh thart. Tuilleadh eolais