![Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain]()
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Is foirgneamh mór ceithre theach / trí stóras é Áras Mhic Reachtain ar bhóthar Aontroma i dTuaisceart Bhéal Feirste. Tá an Áras ag feidhmiú mar lárionad Gaeilge, áit a bhfuil go leor spáis chun áiseanna a chur ar fáil, chun fiontair nua Ghaeilge a fhorbairt agus spáis oifige nó seomraí oiliúna a chur ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge eile. Anuas ar sin, cuireann muid scoth na siamsaíochta ó gach aird den tír ar siúl go míosúil i mBarr a’ Tí; ceolchoirmeacha, céilithe, seoltaí dlúthdhíosca, ceardlanna amhránaíochta agus drámaí san áireamh.
Áras Mhic Reachtain is a large three storey building on the Antrim road in North Belfast. The Áras operates as an Irish language center, where there is ample space to provide facilities, to develop new Irish language enterprises and to provide office space or training rooms for other Irish language organizations. In addition, we host top quality entertainment from all over the country on a monthly basis in the i mBarr a’ Tí; including concerts, ceilidhs, CD launches, singing workshops and plays.
Imeachtaí
21/07/2023
TIONSCADAL KATE BUSH Níl éinne inchurtha le Kate Bush mar ealaíontóir. Fitear rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre go han-éifeachtach ar fad sa saothar aici. Baineann drámatúlacht thar na bearta lena liricí agus í ag tarrac go tuisceanach as réimse leathan d’fhoinsí liteartha agus cineamatagrafacha, téamaí a bhaineann leis an óige, an grá, an bás, cogadh agus miotaseolaíocht. Ón gcéad singil sin aici ‘Wuthering Heights’ go dtí an pop barócach in ‘Babooshka’ is an paisean tnúthánach in ‘Running up the Hill’ tá dúshlán agus aoibhneas dodhearmadta iontu go léir. Don léiriú faoi leith seo mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic...